Dáil debates
Thursday, 6 March 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Scéimeanna Teanga
9:40 am
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé "ag tógáil céimeanna de réir a chéile". I ndáiríre, táimid ag cúlú de bharr na gcéimeanna sin. Dá ndéarfadh duine a bheadh ag dul le haghaidh NCT "tá na rotha maol, níl dabht faoi sin, ach níl an t-airgead agam anois chun mo dualgaisí dleathacha a chomhlíonadh" agus "diaidh ar ndiaidh, céim ar chéim, b'fhéidir go gcuirfidh mé cúpla euro isteach sa ghluaisteán, agus ar aghaidh liom", déarfadh an oifigeach NCT "ní féidir leat é sin a dhéanamh, caithfidh tú do chuid dualgaisí agus an dlí a chomhlíonadh". Níl sé sin á dhéanamh ag an Aire Stáit ná ag an Roinn ar chor ar bith. Tá sé suimiúil go ndúirt an tAire Stáit linn inné gur fhreastal 300 seirbhíseach poiblí ar ranganna Gaeilge le trí bliana anuas. Tá 300,000 duine sa Státchóras ag an bomaite. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh sé 100 bliain go dtí go mbeidh 1% den Státchóras tar éis freastal ar ranganna Gaeilge chun a gcuid cumas teanga a fheabhsú. Ní céim ar aghaidh é sin - is cúlú é sin.
No comments