Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:40 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 2 agus 4 le chéile.

Tá próiseas leanúnach ar siúl faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a fheabhsú. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Sa chomhthéacs seo, aithnítear an tábhacht a bhaineann le dóthain daoine le hinniúlacht i nGaeilge a bheith ar fáil sa Státchóras chun freastal ar éileamh ón phobal ar sheirbhísí i nGaeilge. Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Tá na bearta seo ag teacht le spriocanna sonracha atá luaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa Státchóras. Maidir leis an dara ceist, a bhaineann leis na scéimeanna teanga atá daingnithe faoin Acht, ní miste a nótáil gur faoin Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí agus gur faoin gCoimisinéir Teanga atá sé faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga sin. Dá bhrí sin, níl aon ról agam faoin Acht a bheith ag plé le comhlachtaí poiblí maidir le cur i bhfeidhm a gcuid scéimeanna teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.