Dáil debates
Thursday, 6 March 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Scéimeanna Teanga
9:40 am
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an Ghaeilge i ngéarchéim sa tír seo ag an bomaite. Tá na mílte daoine tar éis teacht amach ar na sráideanna de bharr polasaithe an Rialtais, agus an easpa acmhainní agus an easpa oibre ar an ábhar seo. Nuair a bhí an tAire Stáit ag an gcomhchoiste inné, dúirt sé gur daingníodh 16 scéim anuraidh. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh sé 25 bliain chun na scéimeanna ar fad a dhaingniú. Cad atá déanta ag an Aire Stáit chun an fhadhb seo a réiteach?
No comments