Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

7:50 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an-áthas orm a bheith anseo ag an ainmniú oifígiúil don Choimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Tá Rónán molta ag an Rialtas don phost mar an dara Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an iar-choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, as ucht an obair a rinne sé le deich mbliana anuas ar son na Gaeilge. Tá dul chun cinn déanta aige ar son na Gaeilge i rith a thréibse mar Choimisinéir Teanga, tréibhse atá ag teacht chun críche ar 23 Feabhra.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill, fear óg as mo dháilcheantar féin - Gaillimh Thiar. Is as an gCeathrú Rua é Rónán, an baile sheirbhíse don Ghaeltacht is láidre sa tír, Gaeltacht Chonamara. Cé go bhfuil sé óg, tá taithí aige sa bpolaitíocht, mar iriseoir polaitíochta, agus leis na meáin cumarsáide. Tá súil agam go mbeidh sé in ann an taithí sin a úsáid ar son na teanga.

Tá ról tábhachtach anois ag an gCoimisinéir Teanga nua. Rinne an iar-choimisinéir ráiteas ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta sa Dáil roimh an Nollaig agus arís an mhí seo caite. Ag éirí as an ráiteas sin, bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge ar son na teanga i dtaobh stádas na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge seirbhísí poiblí a fháil trí Gaeilge. Dúirt an t-iar-choimisinéir nach raibh sé in ann níos mó a dhéanamh ina phost chun seirbhísí a fheabhsú ar son lucht na Gaeilge agus, mar sin, go raibh sé chun dul ar scor. Caithfidh mé a rá nár thosnaigh na fadhbanna sin i Mí Márta 2011 nuair a thóg an Rialtas seo cumhacht. Bhí fadhbanna ann i bhfad roimhe sin.

Ghlac an Rialtas seo le moltaí a bhí leagtha amach sa straitéis 20 bliain agus tá dul chun cinn déanta le cuid acu. Tá na pleananna do na limistéir Gaeltachta ag dul ar aghaidh - tá plean i bhfeidhm i gceantar Chois Fhairrge, i mo dháilcheantar. Tá an scéim nua chun tacú le haon chlann atá ag labhairt na Gaeilge sa bhaile, an clár tacaíochta teaghlaigh i bhfeidhm chomh maith. Ach tá níos mó le déanamh fos. Tá a fhios ag daoine go mbeidh gardaí ag teacht ar ais go Templemore i mbliana, i ndiaidh an coláiste traenála a bheith dúnta le roinnt blianta. Chuir mé síos ceist pharlaiminteach an tseachtain seo caite don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Teachta Shatter, agus d'fhiafraigh mé dó an mbeadh cuóta ag Coimisinéir an Gharda Síochána maidir le cainteoirí Gaeilge, mar go bhfuil cuspóir sa straitéis 20 bliain faoi ról na Gaeilge sa Gharda Síochána. Dúirt an tAire go raibh Coimisinéir an Gharda Síochána sásta go mbeadh cainteoirí líofa sa Ghaeilge aige san earcaíocht nua seo.

Maidir le caighdeán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, chuir eagraíochtaí Gaeilge milleán ar Rialtas 1973-77, a rinne cinneadh deireadh a chur leis na coinníollacha gur gá Gaeilge a bheith ag gach duine le dul isteach sa seirbhís phoiblí. Ach cén fáth nár athraigh aon Rialtas na coinníollacha sin o 1974? An raibh sé deacair daoine a fháil le caighdeán maith i nGaeilge, b'fhéidir mar gheall ar chaighdeán labhartha na Gaeilge nó mar gheall ar an gcaoi a mhúintear í? Tá plean ag an Rialtas é sin a athrú agus tá súil agam go mbeidh feabhas ar na figiúirí sna blianta amach romhainn. Leag an tAire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich, plean le cuóta a shocrú le daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú don Státseirbhís. Is maith an rud é sin. Seo an chéad uair le 40 bliain anuas go bhfuil cuóta nua mar sin leagtha amach.

Labhair mo chomhghleacaí, an Teachta Joe O' Reilly, faoin mhéid atá déanta. Is maith an rud, mar shampla, nach raibh aon ghearradh siar ar na rátaí do mná tí i mbliana, cé gur ghearr an t-iar rialtas siar ar an mhéid a bhí ar fáil do mná tí. Tá díospóireacht ag teastáil maidir le stádas na Gaeilge. Ba cheart freisin go mbeadh leathuair nó uair a chloig againn gach lá sa Teach seo ina mbeadh an díospóireacht ar fad trí Ghaeilge. Ba chóir mar sin go mbeadh díospóireacht againn faoi stádas na Gaeilge. Is í an teanga oifigiúil agus caithfidh muid í a chur chun cinn gach uair is féidir. Tá a fhios agam go mbíonn lá againn ar a mbíonn díospóireachtaí as Gaeilge againn, thart ar Seachtain na Gaeilge nó Lá Fhéile Pádraig, ach tá níos mó ná sin ag teastáil.

Labhair an Teachta O'Reilly faoi na Gaelscoileanna chomh maith. Tá an-dul chun cinn déanta le Gaelscoileanna ar fud na tíre agus tá siad ag dul i méid. Tá níos mó daoine anois taobh amuigh den Ghaeltacht ag foghlaim na teanga agus is maith sin, ach tá laghdú ar an gcaighdeán in áiteanna eile. Is mór an trua é sin, go háirithe nuair a tharlaíonn sin sa Ghaeltacht. Tá feachtas ar bun chun an teanga a mhúineadh níos fearr agus aontaím leis an méid a rinne an Rialtas agus an iar-Rialtas maidir leis an bhéim a chur ar Ghaeilge labhartha. Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an gcaighdeán dá bharr sin amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.