Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

7:40 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an tUasal Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas le ceapadh don phost mar Choimisinéir Teanga in áit an tUasal Seán Ó Cuirreáin, atá ag éirí as oifig. Is duine den chéad scoth é Rónán Ó Domhnaill. Tá an-mheas air mar iriseoir agus mar chraoltóir. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é. Tá sé ag obair mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 le seacht mbliana anuas. Tá sé thar a bheith tábhachtach gur fear Gaeltachta é. Is duine stuama láidir é. Bhuail mé leis cuid mhaith uaire agus rinne mé cuid mhaith agallaimh leis. Go háirithe, tá scileanna idirphearsanta faoi leith aige. Beidh sé sin an-chabhrach dó agus an jab tábhachtach seo á dhéanamh aige.

Is oifig reachtúil neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2004 faoi Alt 20 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is iad dualgais an choimisinéara ná faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na dualgais sin aige. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo. Tá an Rialtas lándáiríre faoi seo. Tá córas nua earcaíochta i bhfeidhm chun déileáil leis na fadhbanna atá luaite le tamall. Beidh Ranna Stáit ag scrúdú na riachtanais atá ann maidir le poist Gaeilge sa Státseirbhís. Tá sé i gceist sa chéad chomórtas eile d'oifigigh feidhmiúcháin 6% d'fholúntais a chur ar fáil do dhaoine atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach. Tréaslaím leis an Aire Stáit de bharr an jab sin a dhéanamh. Tá mé an-sásta go bhfuil an tionscnamh riachtanach seo ag tarlú.

Tá athbhreithniú ar siúl ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh moltaí ag dul chuig an Rialtas gan mhoill. Tá sé geallta i gclár an Rialtas go ndéanfar cearta lucht na Gaeilge a chruthú ar bhealach níos éifeachtaí. Cé go bhfuil géarchéim airgeadais sa tír seo, táimid ag déanamh infheistíochta sa teanga, go háirithe sa Ghaeltacht ach freisin i ngnéithe oidhreachta agus cultúrtha an teanga. Táimid ag tabhairt tacaíochta do TG4, do Raidió na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta, mar ba chóir go ndéanfaimid, in ainneoin go bhfuil géarchéim sa tír seo. Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach go gcaitheann 24,000 mic léinn tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain. Tréaslaím leis an Aire Stáit go raibh sé in ann deontas na mná tí a choinneáil. D'ísligh an Rialtas deireanach an méid airgead a fhaigheann na mná tí. Tá an tAire Stáit ag cosaint an méid airgid a fhaigheann siad. Tá an-jab á dhéanamh againn leis na scoileanna lán-Ghaeilge.

Ba mhaith liom an tAire Stáit a mholadh as an tacaíocht a tugadh don fhoirgneamh agus d'áiseanna nua don Gaelscoil iontach atá againn i mBaile an Chábháin, atá againn le cúpla bliain anois.

Tá an tAire Stáit ag dul os comhair an choiste ar 6 Márta agus táim lán sásta go mbeidh sé ábalta an coiste a shásamh go bfhuil muid ag comhlíonadh na ndualgas atá againn sa Ghaeilge agus ag iarraidh na straitéise a chur i bhfeidm. Is fear Gaeltachta é an tAire Stáit, tá a chroí sa teanga agus tá sé lán dáiríre faoin obair seo. Tá an meas céanna ag na daoine ar na binsí seo ar ár n-oidhreacht agus ar ár dteanga agus táimid dáiríre futhu, mar atá gach duine sna Tithe seo. Ba mhaith linn go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go fairsing sa tír agus go mbeadh tacaíocht níos fearr ar fáil di. Táimid ar thaobh na Gaeilge agus nílim sásta éisteacht le daoine atá ag iarraidh muid a cháineadh as ucht sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.