Dáil debates
Tuesday, 18 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion
7:50 pm
Brendan Griffin (Kerry South, Fine Gael) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an deis an t-ábhar seo a phlé inniu. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill as a cheapachán mar Coimisinéir Teanga. Is duine aitheanta é Rónán i dteallaigh na tíre de bharr a thréimse mar iriseoir polaitiúil le RTE agus táim cinnte go mbeidh sé in ann caighdeán ard a chothabháil ina phost nua. Tá ról an Choimisinéara Teanga an-tábhachtach agus tá freagracht ollmhór ag baint leis an bpost. Tá lán muinín agamsa i Rónán Ó Domhnaill agus tá a fhios agam go mbeidh sé in ann jab iontach a dhéanamh. Beidh neart dúshlán sa todhchaí don Ghaeilge agus mar náisiún, caithfimid go léir oibriú le chéile agus ár ndícheall a dhéanamh.
Ní Gaeilgeoir mise nó ní as an Ghaeltacht mé, ach táim ag déanamh mo dhícheall faoi láthair chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid chomh minic agus is féidir liom. Níl sin simplí. Caithfimid, mar náisiún, tús a dhéanamh sa bhaile. Caithfimid tosnú le páistí óga agus caithfimid ár mbeagán Gaeilge a úsáid lenár bpáistí sa bhaile. Dá ndéanfadh muid sin, bheadh muintir na tíre ar fad in ann níos mó a dhéanamh don teanga. Bhí mé i nDaingean Uí Chúis an Aoine seo caite, mar bím ann gach Aoine le haghaidh clinicí. Is mór an trua gur sin an t-aon seans a bhíonn agam i rith na seachtaine mo chuid Gaeilge a úsáid le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Bhuail mé le cairde an Aoine seo caite agus bhíomar ag labhairt faoin teanga agus faoi Lá Mór na Gaeilge Dé Sathairn seo caite. Bhíomar ag plé freisin le smaointe a bhí againn maidir leis an Ghaeilge. Bhíomar ag labhairt faoi mo cheantar, Cill, atá in aice le Caisleán na Mainge.
Mar a dúirt mé, níl sé sa Ghaeltacht. Bhíomar ag rá - bhí cúpla duine ann - gur cheart dúinn iarracht a dhéanamh rud éigin a dhéanamh faoin teanga. Tá plean fadteármach againn chun an teanga a fhorbairt sa Chill agus i gCaisleán na Mainge. Chuala mé an smaoineamh nua faoi twinnings idir áiteanna Gaeltachta, cosúil le Baile na nGall, agus áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht, cosúil leis An Chill agus Caisleán na Mainge. B'fhéidir go bhfuil seans againn an smaoineamh sin a fhorbairt. An bhfuil an tAire in ann rud a dhéanamh faoi sin? B'fhéidir go mbeadh seans ann áit éigin i gConamara a nascadh le háit éigin i mBaile Átha Cliath.
No comments