Dáil debates
Tuesday, 18 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion
7:30 pm
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do Seán Ó Cuirreáin mar gheall ar an obair a ndearna sé ar feadh deich mbliana mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sa tír seo. Is mór an trua nach raibh sé sásta fanacht sa phost, go dtí deireadh a réim. Gan amhras, bhí díomá air maidir leis an tslí atá rudaí ag dul, ní hamháin leis an Rialtas ach leis an Státchóras.
Tá dul chun cinn mór déanta timpeall na tíre, sa Deisceart agus sa Tuaisceart. I mo cheantar féin, tá na scoileanna, Gaelscoil Uí Earcáin i Fionnghlas agus Scoil an tSeachtar Laoch, i mBaile Munna, ag fás go tapaidh agus tá scuaine fada ar an liosta feithimh le dul isteach iontu. Tá scoileanna tríú leibhéal de dhíth i mo cheantar agus timpeall na tíre. Tá daoine ag lorg oideachais níos leithne trí Ghaeilge agus ag lorg coláistí le gach ábhar trí Ghaeilge ar an gcuraclam. Níl go leor daoine agus Gaeilge acu á úsáid go rialta, fiú sna Gaeltachtaí agus is sin an dúshlán atá os comhair an fhir nua, Rónán Ó Domhnaill, agus ár sochaí.
Tá cáil ar Rónán Ó Domhnaill mar fhear macánta, díograsach agus an-ábalta ar fad. Cuirim fáilte roimhe agus é ag dul i mbun a phost nua. Tá sé le feiceáil go bhfuil daoine sa Státchóras a thacaíonn go láidir leis an nGaeilge, ach tá fórsaí níos láidre agus níos forleithne ann ar an mheon gur cuma leo faoinár dteanga náisiúnta. Tá ár dteanga in ainm a bheith ar an leibhéal céanna le Béarla, ach níl sin le feiceáil. Teanga gan pobal, is teanga gan anam í. Níl go leor daoine le cumas Gaeilge sa chóras riaracháin phoiblí agus níl an toil ann athrú a dhéanamh chun déileáil leis an bhfadhb seo. Rinne saineolaí áirithe staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus dúirt sé go raibh an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa Stát Seirbhís. Caithfimid troid ar son ár dteanga agus caithfidh gach eagraíocht Gaeilge obair le chéile leis an aidhm céanna a bhaint amach, ár dteanga a chur chun cinn.
Ba cheart go gcuirfí níos mó béime ar labhairt na Gaeilge i scoileanna thar timpeall na tíre. Tá athrú de dhíth maidir leis an tslí a múintear Gaeilge. Tá daoine ag caitheamh blianta i scoileanna ag foghlaim, ach níl siad ábalta comhrá a bheith acu le chéile. Cén fáth gur féidir linn teanga eile a fhoghlaim, ach nach féidir linn an Ghaeilge a fhoghlaim? Tá busanna ar Bhóthar na bhFál agus ceannscríbe i nGaeilge orthu. Ní raibh mé ag súil go dtarlódh seo riamh agus tá sé dochreidte go bhfuil seo ag tarlú ar Bhóthar na bhFál.
Tá dúshlán mór roimh Rónán Ó Domhnaill, ach tá dóchas ann. Féach ar an dTuaisceart agus ar an mhéid duine ansin atá ag úsáid na teanga, gan cuidiú mhaith ó Rialtas Shasana. I mo cheantar freisin, tá daoine ag lorg Gaelscoileanna agus naíscoileanna agus tá scuaine mór ag feitheamh orthu. Tá dóchas ann don teanga agus is dóigh go n-aontódh an tAire Stáit liom faoi sin.
No comments