Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

7:20 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt le mo chomhghleacaí, an Teachta Ellis. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an obair iontach a rinne sé le linn an tréimhse a chaith sé mar Choimisinéir Teanga. Is laoch díograiseach é. Is mór an trua go bhfuil sé imithe ón bpost seo. Ba mhaith liom freisin fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Tá aithne agam air agus aithním an méid oibre atá déanta aige sna meáin chumarsáide le blianta anuas. Is fear cumasach é. Is ardfhear é. Tá mé lán cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall a chuid dualgais a chomhlíonadh. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil mé buartha go ndéanfaidh an Rialtas iarracht bac a chur ar a chuid iarrachtaí, díreach mar a rinne siad i gcás an coimisinéir deireanach.

Táimid ag maireachtáil i dtréimhse uafásach phráinneach don teanga. Tá doras na Gaeilge ag dúnadh ag an bomaite. Tá 3,000 bliain de stair, cultúr, eolas, ealaín, smaoineamh, fealsúnacht agus féiniúlacht sa tír seo ag teacht chun deiridh fad is atá an Aire Stáit ag faire amach. Tá sé ráite go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh an ghlúin seo an ghlúin dheireanach ina mbeidh an teanga beo i measc an phobail timpeall na tíre. Nuair a tháinig an t-eolas seo chun cinn ó thaighde a rinneadh thar tréimhse chúig bliana, socraíodh gur cheart an straitéis 20 bliain a chur le chéile. De réir an taighde, b'fhéidir go bhfuil 15 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail. Tá an straitéis 20 bliain foilsithe, ach níl sí á cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Níl riachtanas ar bith sa straitéis - braitheann sé ar toil an Rialtais. Tá sé ráite ag Seán Ó Cuirreáin nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í.

Conas a bhfuil ag éirí leis an Rialtas sa chomhthéacs seo? Bíonn an tAire, an Teachta Deenihan, in easnamh i gcónaí nuair a bhíonn an Ghaeilge á plé. Níl guth na Gaeilge le cloisteáil ag an gcomh-aireacht ar chor ar bith. Deireann an tAire Stáit rud amháin agus déanann sé rud eile. Tá an tóin titithe amach as an mbuiséad. Tá an daonlathas bainte amach as Údarás na Gaeltachta. Fiú sna háiteanna nach bhfuil airgead de dhíth chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, níl an Rialtas ag déanamh róchabhrach. Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin, caitheann saoránaigh na tíre seo 14 bliain ag foghlaim na Gaeilge, ach ina dhiaidh sin tá orthu Béarla a labhairt leis na Státseirbhísigh. Níl aon rogha acu. Fiú nuair atá rialacha ann chun daoine a earcú, níl an Státseirbhís sásta glacadh leis na rialacha sin. Nuair a dhíríonn an coimisinéir isteach ar na fadhbanna sin, níl an Rialtas sásta tacaíocht a thabhairt dó chun iad a réiteach. Ní chosnaíonn oibrithe le Gaeilge níos mó ná oibrithe le Béarla.

I mo thuairim, eachtra uafásach a bhí ann nuair a sheas an Coimisinéir Teanga síos. Ba é an chéad uair riamh sa tír seo gur sheas Ombudsman siar. Nuair a tháinig Seán Ó Cuirreáin isteach go dtí an tOireachtas cúpla seachtain ó shin chun a chuid cleachtadh agus a chuid tuairimí a roinnt linn, ní raibh ball den Rialtas ar bith sásta freastal ar an gcruinniú sin. Bhí an tOmbudsman ann, ach ní raibh éinne ó Fhine Gael nó Páirtí an Lucht Oibre i láthair. Léiríonn sé sin masla uafásach do Sheán Ó Cuirreáin. Léiríonn sé sin masla uafásach don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeilge timpeall na tíre. Bhí mé ag an mórshiúl an deireadh seachtaine seo caite. Mar a dúirt na daoine a ghlac páirt san ócáid sin, tá fearg uafásach ar mhuintir na Gaeltachta agus ar mhuintir na Gaeilge de bharr na ndrochrudaí atá an Rialtas seo ag déanamh don teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.