Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

7:10 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an rún seo, go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga. Tagann Rónán Ó Domhnaill ón gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Mar a dúirt an tAire Stáit, d'oibrigh sé mar iriseoir ar son Nuacht RTÉ agus TG4 i dTeach Laighin le blianta anuas. D'oibrigh sé freisin ar chlár teilifíse RTÉ, "The Week in Politics".

Caithfidh mé buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin, an coimisinéir atá ag éirí as, as ucht an méid oibre atá déanta aige. Chuala mé Seán Ó Cuirreáin ag caint ag dhá chruinniú Oireachtais. Mar is eol don Aire Stáit, ní raibh sé sásta le polasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge. Cheap sé nach raibh na moltaí a bhí á dhéanamh aige á gcur i gcrích ag an Rialtas. Beidh na fadhbanna céanna ag an gcoimisinéir nua muna n-athraíonn lucht an Rialtais na polasaithe atá acu. Thuig Seán Ó Cuirreáin gur beag eile a d'fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dhá bhliain a bheadh fágtha aige sa phost. Ar ndóigh, bhí díomá air gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr gan an dá bhliain a chaitheamh sa phost.

Bhíomar ag súil le dul chun cinn nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach. Tá méadú tagtha ar an tuiscint atá againn ar chearta teanga. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag tabhairt tacaíocht don tuiscint sin. Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire Stáit an scéal dúinn faoin méid gur féidir leis a dhéanamh chun níos mó Státseirbhísigh le Gaeilge a cheapadh. Ba cheart seirbhísí Stáit a sholáthar trí Ghaeilge gan cheist gan choinníoll. Ní bheadh mórán costais ag baint leis sin, go háirithe ós rud é go bhfuil an Rialtas ag cur níos mó daoine ar fáil sa Státseirbhís. Dúirt an Coimisinéir Teanga ag na cruinnithe ar a d'fhreastal mé go bhfuil níos mó ná dhá bhliain caite ag déanamh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla gan cinn an Bhille curtha chun cinn go fóill. B'fhéidir gó mbeidh an tAire in ann a rá cathain a bheidh na leasuithe sin ullamh. Dúirt sé ina ráiteas go mbeidh siad linn "go luath". An mbeidh na leasuithe fhoilsithe roimh an tsamhraidh? Is ceist an-tábhachtach é sin dóibh siúd atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh.

Labhair an tAire Stáit faoin gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tá sé soiléir go dtógadh an cinneadh seo dhá bhliain ó shin i ngan fhios don dá oifig. Níos mó ná dhá bhliain níos déanaí, níl a fhios ag éinne conas a n-oibreoidh an oifig nua. Deirtear go mbeidh an cónascadh déanta roimh mhí Mheán Fómhair. Caithfidh Oifig an Chomisinéara Teanga na hacmhainní riachtanacha a fháil chun a chuid oibre a chomhlíonadh. Ní féidir le haon choimisinéir iomarca muiníne a bheith aige nó aici sa chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Ba mhaith liom caint faoi Lá Mór na Gaeilge, a tharla i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Bhí daoine ag máirseáil ó Chearnóg Phamell go dtí Sráid Chill Dara, os comhair Teach Laighean. Bhí pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó Thuaidh agus ó Theas ag iarraidh cothrom na féinne a fháil. Tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil don phobal, go háirithe sa Ghaeltacht, trí mheán na Gaeilge ar chomhchaighdeán agus ar chomhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil trí mheán an Bhéarla. Ócáid an-tábhachtach a bhí ann. Is mór an trua é, i gcomhthéacs na rudaí a bhí á rá ag Lá Mór na Gaeilge agus na rudaí a mhol Seán Ó Cuirreáin, nach bhfuil an Rialtas ó Dheas ag tabhairt tacaíochta do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Luaigh Comhairle na hEorpa i dtuairisc a d'fhoilsigh siad ar 14 Eanáir seo caite go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an dearcadh i leith na teanga i Stormont, go háirithe an easpa tacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus i gcúrsaí oideachas.

De réir bileog a sheol Conradh na Gaeilge chugainn, tá siad ag iarraidh ar pholaiteoirí ó Thuaidh agus ó Theas todhchaí a roghnú don teanga agus nithe áirithe a dhéanamh: seirbhísí Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll faoi dheireadh 2016, seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; Acht Gaeilge cuimsitheach ceartbhunaithe a achtú ó Thuaidh; Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú i mbliana; deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach; agus an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge ó Dheas agus sa straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh. Mar a dúirt Conradh na Gaeilge, is le gach éinne an teanga. Creideann siad go gcaithfear an deis agus an ceart sin - an teanga a labhairt - a thabhairt do na daoine a roghnaíonn í a úsáid.

Bhí daoine ag caint ag Lá Mór na Gaeilge Dé Sathairn seo caite faoi thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Bhí na focail "táimid dearg le fearg" scríofa ar na bratacha a bhí ag daoine ag an máirseáil sin - ar ndóigh, bhí an áit dearg le bratacha freisin. Bhuail mé le bean ó Chontae Mhaigh Eo a dúirt liom - tá sé seo sna nuachtáin - "if you send the HSE an e-mail in Irish you'll get a response in English and that says it all really". Ní dóigh liom gur cheart go bhfaigheadh duine le Gaeilge ón nGaeltacht a leithéid de fhreagra.

Ceapann a lán daoine go bhfuil an teanga faoin ionsaí. D'fhéadfainn ceisteanna eile, a bhaineann le cearta daonna agus leis an daonlathas, a lua sa chomhthéacs seo. Ní bhfuair muintir na Gaeltachta seans vóta a chaitheamh d'iarrthóirí Údarás na Gaeltachta ós rud é gur cuireadh na toghcháin ar ceal. Tá gearradh siar déanta ar airgead an údaráis cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndífhostaithe sa tír seo, an Ghaeltacht san áireamh. Tá amhras ar dhaoine faoi thodhchaí na seirbhísí farantóireachta agus aeir go dtí na hoileáin.

Cuirim fáilte roimh an airgead atá á sholáthar ag an Aire Stáit don straitéis 20 bliain. Fáiltím freisin roimh an obair atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta agus TG4. An rud is mó a ghoileann orm - bhí sé seo soiléir Dé Sathairn seo caite - ná nach bhfuil daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá geallúntas déanta go dtiocfaidh feabhas ar an bhfadhb seo roimh 2016. Thug Conradh na Gaeilge le tuiscint ag an deireadh seachtaine gur féidir a rá nach bhfuil gá le Acht teanga, ós rud é go bhfuil sé seo clúdaithe sa Bhunreacht, ach tá súil agam go mbeidh Acht nua againn ar aon nós.

Cuirim fáilte arís roimh ainmniúcháin Rónán Ó Domhnaill. Tá súil agam go mbeidh Oifig an Choimisinéara Teanga fós neamhspleách agus láidir. Tá súil agam nach ndéanfaí aon mhaolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis 1 Eanáir 2016. Ní ceart go mbeadh aon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, ar bhuiséad Foras na Gaeltachta nó ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh na mbuiséid sin méadaithe de réir a chéile. Cuirim fáilte arís roimh an gcoimisinéir nua. Tá súil agam go mbeidh obair fhiúntach á dhéanamh aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.