Dáil debates
Tuesday, 18 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion
7:30 pm
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source
Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Ó Murchú.
Tá súil agam gur thóg an Rialtas ceann ar na mílte duine óg a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite ar mhórshiúl de chuid na heagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus a leithéid, i rith Lá Mór na Gaeilge. Séard a bhíodar ag lorg ná go mbeadh an Rialtas dáiríre faoi staid na Gaeilge sa tír seo. Dúirt an-chuid díobh go rabhadar dearg le fearg toisc nach gceapann siad go bhfuil sin amhlaidh. Ní cheapann siad go bhfuil an Rialtas dáiríre faoi chearta lucht labhartha na Gaeilge a chur i gceart.
Dúirt an coimisinéir deireannach, Seán Uasal Ó Cuirreáin a d'éirigh as oifig, agus é os comhair An Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha, go ginearálta, dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, gur tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Dúirt sé:
Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Coimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh, d'ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga. Tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí. Airím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí. Ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí.Tá sé imníoch amach is amach go mbeadh ar Choimisinéir Teanga a leithéid a rá. Is cúis náire é don Rialtas agus do rialtais roimhe seo atá tar éis a leithéid de staid a ligint a theacht i gcrích.
Ceann de na gearáin is mó, fiú amháin insan Ghaeltacht féin, ná nach féidir le muintir na Gaeltachta a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge mar cheart choitianta. Tá an scéal mar an gceánna taobh amuigh den Ghaeltacht. Is minic go mbíonn daoine ag glaoch ar Rannaí Rialtais nó ar rannaí phobail agus go dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach nach féidir leo mar nach bhfuil éinne ann chun labhairt leo sa teanga. Tá sin náireach amach is amach. Bíonn ar na daoine sin fanacht go dtiocfaidh duine éigin thar n-ais chucu, b'fhéidir nach sa lá céanna. Ní cheart go dtarlódh sé sin in aon tír maidir le gnáth theanga an phobail, pé acu Béarla nó Gaeilge sa tír seo. Caithfear achmhainní a chur isteach chun an cheist seo a athrú.
Maidir le staid na Gaeilge, ar ndóigh tá comhthéacs níos leithne anseo. Tá an ghéarchéim eacnamaíochta sa tír seo ag bánú na Gaeltachtaí agus tá polasaithe déine an Rialtais agus na ciorruithe sa chaiteachas phoiblí agus seirbhísí phoiblí ag bánú na Gaeltachtaí. I measc na mílte postanna sa tseirbhís phoiblí atáthar tar éis ligint le sruth, bí cinnte go raibh an-chuid daoine de lucht labhartha na Gaeilge a d'fhéadfadh gnó a dhéanamh le muintir na Gaeltachta agus iad ag glaoch isteach. Dá bhrí sin, tá na polasaithe déine ag déanamh an-scrios agus an-dochar don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta. Tá lucht óg na Gaeltachta ag imeacht as an dtír agus is mór an náire dúinn é sin. Dá bhrí sin, caithfear deireadh a chur leis na polasaithe déine agus polasaithe radacacha eacnamaíochta, polasaithe sóisialacha a chur i bhfeidhm.
Mar fhocal scoir, guím gach rath ar Rónán Uasal Ó Domhnaill, ach ní bheidh éifeacht ag baint leis an oifig muna dtugtar na hacmhainní caoi agus tacaíocht oifigiúil don oifig, i dtreo agus gur féidir le daoine a gcearta a bheith acu maidir leis an dteanga go dteastaíonn uathu a labhairt go laethúil.
No comments