Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

5:05 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Le 30 bliain anuas tá fás agus borradh ar ndóigh tar éis teacht ar scoileanna lán-Ghaeilge agus a leithéid agus is breá sin. Tá sin tábhachtach agus tá sé tábhachtach go dteastaíonn ó an-chuid daoine agus daoine óga a bheith in ann an Ghaeilge a thuiscint agus a labhairt. Is rud dearfach é sin amach is amach. An rud atá i mbaol anois ná go leanfaidh an Ghaeilge mar teanga labhartha agus mar teanga phobail sna Gaeltachtaí. Sin an dainséar atá os comhair na tíre seo anois.

Ag deireadh thiar thall, maraíonn an caipitleachas cultúr mionlaigh agus teanga mionlaigh. Tá sin tar éis tarlú in an-chuid tíortha. Ní thuigeann an Taoiseach cé chomh práinneach agus chomh géarchúiseach agus atá an scéal seo muna dtuigeann sé go bhfuil na polasaithe déine atá á chur i bhfeidhm aige ag cur isteach go mór ar na Gaeltachtaí agus ar an Ghaeilge mar teanga labhartha mar tá daoine óga ag imeacht mórthimpeall na cruinne seachas bheith in ann fanacht sa bhaile - cur fúthu ansin agus clann a thógáil - rud a chinnteodh go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos láidre mar theanga labhartha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.