Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

5:05 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl mórán dul chun cinn le feiscint in aon chor i dtaobh an straitéis 20 bliain, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí fostaíochta nó cúrsaí oideachais, go háirithe múineadh trí Ghaeilge. Bhí moladh sa straitéis maidir le lárionad oideachais do mhúinteoirí atá ag múineadh gach ábhár trí Ghaeilge, go háirithe múinteoirí i nGaelscoileanna agus sna Gaeltachtaí. Chuir mise moladh mar sin ar aghaidh nuair a bhí mé mar Aire Oideachais. An moladh a bhí ann ag an am ná moladh an t-ionad a lonnadh i mBaile Bhúirne, in iar choláiste Íosagáin, ach bhí deacrachtaí maidir leis an suíomh agus mar sin de.

Ba mhaith an rud é dá mbeadh an tAire Stáit nó an Rialtas sásta dul ar aghaidh le togra mar sin, ionad oideachais a bhunú mar áis do mhúinteoirí, mar fós tá easpa téacsleabhar trí Ghaeilge in ábhar mar bitheolaíocht, ceimic agus go leor eile. D'fhéadfadh ionad mar sin áiseanna eile a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge i gcoitinne sna Gaelscoileanna agus ag an dara leibhéal. Tá géarghá ionad den saghas sin a chur ar bun agus i bhfeidhm. Tá an moladh sin sa straiteis 20 bliain. Dá mbeadh an Taoiseach nó an Rialtas sásta béim faoi leith a chur ar an togra sin, bheadh dul chun cinn le feiscint as sin amach.

Maidir le fostaíocht, tá muintir na Gaeilge agus ionadaithe poiblí sna Gaeltachtaí amhrasach faoin treo ina bhfuil an Rialtas ag dul. Tá amhras orthu go bhfuil an cumhacht a bhí ag an údarás maidir le cúrsaí eacnamaíochta laistigh de na Gaeltachtaí imithe. Tá amhras orthu go bhfuil an cumhacht sin meallta go dtí údaráis eile ar nós Fiontar Éireann nó an IDA. Os rud é nach bhfuil na toghcháin á reachtáil a thuilleadh agus nach féidir le muintir na Gaeltachta duine a thogh don údarás, is droch scéal é sin do na Gaeltachtaí. Ta easpa tionchair acu as seo amach ar chúrsaí fiontair agus fostaíochta de dheasca an cinneadh atá déanta ag an Rialtas i dtaobh an údarás. Bhí ról speisialta ag an údarás maidir le fostaíocht.

Maidir leis na mná tí, rinneadh iarracht na deontais dóibh siúd a ghearradh siar. Tá na mná tí lárnach ó thaobh na Gaeilge de sna Gaeltachtaí. N'fheadar cén fáth go bhfuil an Taoiseach ag gáire. Níl na mná tí sásta ach an oiread leis an méid atá déanta go dtí seo i dtaobh na háiseanna agus an tacaíocht a fhaigheann siad.

Tá a lán nithe ag cur imní orainn. Níl sé soiléir go bhfuil an fuinneamh sa Rialtas na rudaí seo a dhéanamh. Ní aontaíonn an Taoiseach liom, ach is léir sin ó nach raibh an fo-choiste sásta teacht le chéile ach dhá uair i rith na bliana seo. Tá sin dochreidte agus is olc an rud é. Is oth liom a rá go léiríonn sé an easpa measa atá ag an Rialtas faoi fhorbairt na Gaeltachtaí ag an babhta seo. Tá i bhfad níos mó le déanamh agus tá sé in am dúinn sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.