Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

5:05 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid uilig go maith, ach táimid ag caint anseo faoi pholasaí agus faoin straitéis. Níl an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an straitéis. Sin an fhírinne. Creidim an Taoiseach nuair a deireann sé go bhfuil grá mór aige dár teanga dúchais, ach níl an cheist chomh simplí sin. Bhí Conradh na Gaeilge isteach le coiste an Oireachtais agus bhí sé go han-soiléir nach bhfuil an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an straitéis. Thug mé sampla don Taoiseach - an lárionad i mBaile Bhúirne. It is not there and there is no movement on that. Sampla eile, an dualgas go mbeadh daoine ábalta ranganna a fháil trí Ghaeilge. Níl sin déanta.

Maidir leis na toghcháin don údarás, dúirt an Taoiseach go raibh sé i dTír Chonaill, ach tá daoine ansin an-feargach mar nach bhfuil aon toghchán ann fá choinne an údarás. Níl aon democratic input ó muintir na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.