Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:55 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní aontaím leis an Teachta go dtiocfaidh an toradh sin as. Sílim go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt thar fud na tíre go coitianta agus de ghnáth. Ba mhaith le chuile duine go mbeadh jabanna, postanna agus infheistíocht le fáil sa Ghaeltacht i dtreo is go mbeadh daoine in ann maireachtáil agus slí bheatha a bhaint amach ansin. Tá sé deacair infheistíocht den tsórt sin a chuir isteach i ngach áit. Nuair a dhéantar iarracht infheistíocht a chur chun cinn sa chóras séarachas, sa chóras soláthar cumhachta nó sa chóras leictreachais - mar shampla, i gcás na muilte gaoithe - is minic a thagann na cúrsaí seo os comhair na cúirte. Ní féidir an chumhacht a láimhseáil gan infreastruchtúr a chur ar bun chun é sin a dhéanamh. Bhí cuid de mo chlann féin thiar sa Ghaeltacht, ghlac siad páirt sa ghrúpa do dhaoine óga ar a dtugtar Spleodar. Ba é an rud is tábhachtaí a tháinig as sin ná go raibh na daoine óga seo ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin nuair a tháinig siad abhaile. Anuas ar sin, téann siad go dtí cruinnithe de ghasúir agus daltaí óga ar a labhraítear an Ghaeilge agus múintear na focail dóibh. Tá sé sin ag ardú agus ag neartú.

Tá an scéim maidir le scoileanna lán-Gaelacha neartaithe thar fud na tíre freisin agus tá brú ann faoi láthair go gcuirfí meánscoileanna lán-Gaelach ar bun. Is iontach láidir an tsuim atá ag tuismitheoirí agus daltaí sa scéim seo.

Maidir leis na córais cumarsáide nua atá ann, tá apps as Gaeilge agus cúrsaí cumarsáide as Gaeilge ar fáil. Tá córas ina bhfuil daoine in ann caint le chéile, ach ní hamháin sin, tá siad in ann an duine eile a fheiceáil agus iad ag caint. Tá na teachtaireachtaí ar na meáin cumarsáide nua seo ar fad as Gaeilge chomh maith. Ní aontaím leis an Teachta go bhfuil deireadh ár dteanga dúchais ag teacht. Má tá an brú ann ó thaobh straitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm, beidh sin á láidriú agus á neartú as seo amach. Mar Gaeilgeoir fíor chruinn é féin, tá dualgais cinnireachta á láímhseáil ag an Teachta féin agus is maith liom é a chloisint ag labhairt Gaeilge na Mumhan chomh breá agus chomh láidir agus a labhraíonn sé í.

Maidir leis an straitéis, mar a dúirt mé leis an Teachta Martin, tá seo á chur i bhfeidhm faoi láthair, agus an chéad bhliain eile, nuair a bheidh tuilleadh airgid le fáil, tabharfar é sin don Aire Stáit chun obair a dhéanamh le muintir na Gaeltachta, muintir cumarsáide agus muintir lasmuigh den Ghaeltacht. I dtaobh na pleananna atá curtha i gcrích chun stádas Gaeltachta a chruthú nó, muna bhfuil siad sách láidir, chun iad a laghdú, beidh an córas sin á phlé. Mar Teachta agus mar Taoiseach, ba mhaith liom go mbainfeadh an méid daoine is mó gur féidir triail a bhaint as cúrsaí Gaeilge labhartha a chur ar bun.

Luaigh an Teachta an tuarascáil agus an chaoi in ar féidir an córas nua cumarsáide a láimhseáil, ó thaobh múineadh na Gaeilge, na fuaimeanna agus an Ghaeilge a labhairt, cuireann sé sin ina luí ormsa go bhfuil ré nua amach romhainn ó thaobh labhairt ár dteanga féin de. Nuair a bhí mé mar chuid den Fhreasúra, labhair mé go minic faoin bhrú agus an dualgas a bhí ar daltaí Gaeilge a labhairt agus faoin chonspóid a chothaigh sin agus an Ghaeilge á bhrú orthu. Tá ré nua tagtha anois agus má ghlacann muid leis an obair atá á chur i gcrích, beidh an teanga neartaithe agus níos láidre ar fad.

Is maith liom go bhfuil an Teachta Martin, an Teachta Adams, an Tánaiste, an Teachta Higgins, an Teachta Ó Fearghaíl agus gnáth daoine eile ar fud Tithe an Oireachtais in ann Gaeilge a labhairt agus triail a bhaint as.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.