Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:55 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Tá géarchéim sna Gaeltachtaí maidir le labhairt na Gaeilge agus an-chuid gnéithe beatha eile. Dúirt an Taoiseach linn gur tháinig an fochoiste maidir leis an nGaeltacht le chéile nach mór leathbhliain ó shin. Nach bhfuil sé soiléir nach bhfuil dáiríreacht ar bith sa Rialtas seo maidir le fadhbanna teanga agus fadhbanna Gaeltachta? Sa bhliain 2007, déanadh scrúdú cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ba cheart don Taoiseach an scrúdú sin a léamh. Cé gur cuireadh an tuarascáil le chéile sé bliana ó shin, tá pointí cumhachtacha fós le léamh inti. Léiríonn an scrúdú go méadaíonn fadhbanna teangeolaíochta sa Ghaeltacht nuair nach gcoimeádtar céatadán ard de chainteoirí Ghaeilge san áit. Más rud é go dtiteann an céatadán den phobal a labhraíonn an Ghaeilge sna Gaeltachtaí, beidh géarchéim i gceist - beidh níos mó brú ar an nGaeilge mar theanga phobail. Is é sin go díreach atá ag tarlú.

An aontaíonn an Taoiseach go bhfuil nasc díreach idir polasaithe eacnamaíochta an Rialtais agus na ceisteanna seo? An aontaíonn sé go bhfuil céatadán labhartha na Gaeilge ag titim ar an gcúis go bhfuil daoine óga agus daoine eile ag imeacht mar nach bhfuil postanna ar fáil sa Ghaeltacht? Tá bánú na Gaeltachta ag tarlú de bharr polasaithe déine an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe seo le cúig bliana anuas. An dtuigeann an Taoiseach go mbeidh géarchéim níos measa fós i gceist muna cuirtear deireadh leis na polasaithe seo? Ba cheart polasaithe a chur i bhfeidhm a chuirfidh infheistíocht chun cinn sna Gaeltachtaí i dtreo is go mbeidh saol agus beatha le fáil ag muintir na Gaeltachta ina gceantair féin. An dtuigeann an Taoiseach gurb é sin, i ndáiríre, an freagra atá ar an bhfadhb seo? Deireann an tuairisc seo nach mbeidh an Ghaeilge á labhairt sna Gaeltachtaí taobh istigh de 20 bliain má leanann an Rialtas ar aghaidh le polasaithe áirithe - na billiúin a thabhairt do lucht na speiciléireachta agus na baincéirí, srl., thar lear - seachas an t-airgead sin a chur isteach in infheistíocht agus, go mórmhór, i bpostanna sa tír seo chun daoine a choimeád sa bhaile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.