Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:55 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, bhí plean i leith na Gaeilge - an straitéis - le blianta anuas. Tá cruth curtha air anois. Dúirt an tAire Stáit liom go raibh €500,000 ag teastáil chun tosú láidir a dhéanamh agus é seo á chur i gcrích. Tugadh an t-airgead don Aire Stáit sa bhuiséad. Bhí an Teachta Adams i nDoire nuair a bhí an fleadh cheoil ar siúl ann. Ba iontach go deo an méid Gaeilge a bhí le cloisteáil ag an ócáid cheoil sin. Tarlóidh an rud céanna an bhliain seo chugainn i Sligeach, áit nach fíor-Ghaeltacht é.

Tá a fhios ag an Teachta cad a tharla nuair a cuireadh na Gaeltachtaí agus na breac-Gaeltachtaí ar bun sna 1950í. Bhí scéalta ag dul thart ag éirí as sin. Mar shampla, bhí fear pósta ag iarraidh an deontas a fháil. Ní raibh an bhean a bhí in éineacht leis an lá a tháinig an cigire pósta leis ar chor ar bith, ach bhí sí in ann an Ghaeilge a labhairt le haghaidh an triail Ghaeilge a bhí le déanamh. Bhí an bheirt acu ag iarraidh an deontas as ucht labhairt na Gaeilge a fháil. B'fhéidir gur phós an fear thall i Sasana agus ní raibh a bhean chéile in ann an Ghaeilge a labhairt ar chor ar bith. Cheap an cigire go raibh siad in ann an teanga a labhairt nuair a rinne sé an triail Ghaeilge. Tá deireadh leis sin, obviously.

Tá pleananna á gcur i gcrích ag muintir na Gaeltachta ó thaobh an stádas Gaeltachta atá acu. Sílim go bhfuil sé tábhachtach dóibh an stádas sin a choimeád. Ba mhaith liom go mbeadh an tír ar fad mar Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh daoine i gContae Loch Garman, i gContae Ros Comáin agus i gContae Lú, srl., in ann iarracht a dhéanamh triail bheag a bhaint as an teanga nuair is cóir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.