Dáil debates
Tuesday, 19 November 2013
Ceisteanna - Questions (Resumed)
Cabinet Committee Meetings
4:55 pm
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source
Táimid ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge anois. Níl mo chuid Gaeilge rómhaith. Tá mé fós ag foghlaim. Tá mé ag déanamh mo dhícheall. Is í sin an fhadhb mhór atá ann. Táimid ag caint faoin nGaeilge i nGaeilge. Ní dhéanann muid ár gcuid gnó anseo sa Dáil trí mheán na Gaeilge ach amanna. Ba cheart don Taoiseach éisteacht leis an méid a dúirt Conradh na Gaeilge faoin bpolasaí agus faoin straitéis ag coiste Oireachtais le déanaí. Tá sé soiléir nach bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Is í sin an fhírinne. Aontaím leis an Taoiseach agus creidim é nuair a deir sé go bhfuil grá mór aige dár dteanga dhúchais. Nílimid ag caint faoi sin, áfach - táimid ag caint faoin straitéis agus faoin pholasaí. Níl go leor déanta ag an Rialtas seo nó na Rialtais roimhe seo i dtaobh na Gaeilge. Is í sin an fhírinne. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge. Bheadh i bhfad níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge dá mbeadh polasaí maith i gceist.
No comments