Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Don chéad uair riamh, bhí ceathrar ceannaire in ann díospóireacht a dhéanamh go poiblí as Gaeilge ar an teilifís. Mar is eol don Teachta, ceapadh bean iontach láidir go dtí an Chúirt Uachtarach le déanaí. Tá sí in ann triail iomlán a láimhseáil as Gaeilge sa chúirt sin. Taispeánann sé sin go bhfuil meon an Rialtais fabhrach dár dteanga dhúchais. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach.

Bhí cruinniú idir Airí ón Tuaisceart agus Airí ón Rialtas anseo in Ard Mhacha le déanaí. Bhí an LeasChéad-Aire ann mar ionadaí ó pháirtí an Teachta Adams. Molaim go mór an obair atá déanta, mar is eol don Teachta, ó thaobh Gaeilge Uladh de. Tá súil agam go mbeidh gach éinne in ann aontú le chéile i leith na hoibre tábhachtaigh atá á dhéanamh sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.