Dáil debates
Tuesday, 19 November 2013
Ceisteanna - Questions (Resumed)
Cabinet Committee Meetings
5:15 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá teachtaireachtaí láidre curtha amach ag na Teachtaí. Labhair an Teachta Adams faoi Chonradh na Gaeilge. Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil iarratas foirmeálta faighte ag Uachtarán na hÉireann dul trasna go dtí an Bhreatain ar chuairt Stáit go dtí Banríon na Breataine. Nuair a tháinig sí anseo cúpla bliain ó shin, bhí "a chairde" i measc na chéad fhocail a dúirt sí nuair a labhair sí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ní bheidh mé ag scríobh ráiteas an Uachtaráin, ar ndóigh, ach tá súil agam go mbeidh sé in ann cuid dá ráiteas a dhéanamh i nGaeilge ar mhórthír na Breataine.
No comments