Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:45 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl mé sásta leis an bhfreagra sin. Ní bhuaileann an coiste Comh-Aireachta go rialta mar nach bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoin Ghaeilge. Is í sin an fhírinne. Go háirithe, níl an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm ar scor ar bith. Chuir an Rialtas stad le toghchán Údarás na Gaeltachta. Bhí sé i gceist sa straitéis go mbeadh daltaí ag freastal ar ranganna taobh amuigh den rang Gaeilge, ach níl ar rud ar bith déanta faoi sin. Bhí sé mar rún sa straitéis Irish language resource centre a bhunú i mBaile Bhúirne, ach níl sé sin déanta. Tá an Coimisinéir Teanga ag tabhairt amach faoin tslí nach bhfuil an Rialtas ag leanadh ar aghaidh leis an Official Languages Act. Nuair a dhéanann daoine iarracht seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, caithfidh siad go leor fadhbanna a láimhseáil. Tá Forbairt Naíonraí Teoranta faoi bhagairt. Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gan aon airgead. Beidh sé imithe um Nollaig. Sílim go bhfuil an tAire Stáit, an Teachta McGinley, ag glacadh airgid as Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Tá sé an-deacair eolas a fháil ón Roinn faoi sin. Tá mé ag lorg eolais faoi seo ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart fosta. Níl an Aire ó Thuaidh sásta ós rud é nach bhfuil sí ar an eolas faoin rún sin. Má ghlacann an tAire Stáit funding ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta - b'fhéidir nach ndéanfaidh sé é sin - caithfidh sé dul tríd an North-South Ministerial Council. Tá rudaí ar barr rudaí ar barr rudaí. Níl dul chun cinn á dhéanamh ag an Rialtas ar scor ar bith. Ní bhím i nGaeltacht Tír Chonaill rómhinic - cúpla uair in aghaidh na bliana - ach tá a fhios agam nach bhfuil daoine ansin sásta ar scor ar bith leis an tslí ina bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.