Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Níor bhuail an choiste le chéile ach dhá uair i mbliana, ach ní hé sin le rá nach raibh obair ar siúl ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go mórmhór ag an Aire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich. Tá an tAire Stáit tar éis cuairt a thabhairt ar chuile Gaeltacht - Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Ráth Chairn i gContae na Mí agus sa Tuaisceart - ar a laghad cúpla uair. Bhí sé sa Tuaisceart freisin. Bhí sé i gceist aige an réamhobair a chur ar bun ó thaobh straitéis na Gaeilge a chur i gcrích. Bhí an-chuid díospóireachtaí aige le comhlachtaí Gaeilge agus Gaeltachta i leith na straitéise. Nuair a tháinig sé chugam roimh an mbuiséad, bhí sé ag iarraidh suas le €500,000 i dtreo is go mbeadh plean réitithe agus aontaithe i leith tosú na straitéise. Tugadh €500,000 dó sa bhuiséad. Tá sé i dteagmháil le chuile Gaeltacht ag an bpointe seo chun an obair sin a chur i gcrích. Aontaím leis an Teachta ó thaobh an méid cruinnithe a bhí ann. Ní léiríonn sé sin go bhfuil easpa suime ann ó thaobh an straitéis sin a chur i gcrích. Bhí mé i gcuid de na Gaeltachtaí agus chas mé leis na comhlachtaí ansin. Tá siad sásta leis an obair atá déanta ó thaobh an straitéis a chur ar bun agus a chur i gcrích. I gcomhthéacs an plean a thug an tAire Stáit dom roimh an mbuiséad, tá €500,000 curtha ar fáil don bhliain 2014 chun tosú láidir a dhéanamh agus é sin á chur i gcrích. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin as seo amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.