Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:35 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is léir nach raibh ach dhá chruinniú ag an gcoiste ar an nGaeilge agus na Gaeltachtaí le linn na bliana. Is oth liom a rá go bhfuil sé le feiceáil i bpolasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachtaí nach bhfuil an choiste ag teacht le chéile go minic. Tá díomá ar mhuintir na Gaeltachta go bhfuil easpa béime á leagan ag an Rialtas ar pholasaithe i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Is dócha go léiríonn an t-eolas a thug an Taoiseach dúinn inniu go bhfuil an ceart ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge go ginearálta nuair a bhíonn siad ag gearán faoi pholasaithe an Rialtais. Is léir freisin nach bhfuil mórán ag tarlú i dtaobh na straitéise 20 bliain, a chuir na hiar-Airí, Pat Carey agus an Teachta Ó Cuív, le chéile. Bhí gach éinne sásta leis an straitéis sin, ach níl mórán dul chun cinn le feiscint agus níos mó ná dhá bhliain imithe ón toghchán deireanach. Iarraim ar an gcoiste seo teacht le chéile i bhfad níos minicí sna míonna atá le teacht agus sa bhliain atá romhainn.

Ba cheart níos mó béime a chur ar an nGaeilge sa chóras oideachais. Is léir sa tuarascáil nua a fuaireamar maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh sa chomhthéacs sin. Tá an-chuid le déanamh ag an gcoiste faoin cheist sin. Bhí díomá ar beagnach gach éinne, ach amháin an Rialtas, gur cuireadh an toghchán le haghaidh bord Údarás na Gaeltachta ar ceal. Beidh an tionchar agus an chumhacht go léir maidir le baill Údarás na Gaeltachta ag an Rialtas as seo amach. Is olc an scéal é sin. Is oth liom a rá go léiríonn an t-eolas atá faighte againn - gur tháinig an choiste le chéile faoi dhó i rith na bliana - an meas atá ag an Rialtas ar an nGaeilge agus ar na Gaeltachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.