Dáil debates

Tuesday, 19 November 2013

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

4:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Nuair a bhí mé i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille le déanaí, chas mé le go leor daoine atá ag breathnú amach go géar ó thaobh láimhséail na straitéise a chur i gcrích. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tá an plean a leag an tAire Stáit amach réidh agus aontaithe. Tá an-chuid oibre déanta ina thaobh. Dúirt an tAire Stáit go raibh €500,000 ag teastáil agus cuireadh an tsuim sin ar fáil sa bhuiséad. Tá sé ag dul ar aghaidh le comhlachtaí Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta chun é sin a chur i gcrích. Ní aontaím go bhfuil an méid a dúirt an Teachta faoi mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall fíor. Casaim leo go minic. Bhí scéal eile le rá acu le déanaí. Ba mhaith le chuile dhuine i ngach áit ar fud na tíre go mbeadh fostaíocht ar fáil, infheistíocht á dhéanamh agus jabanna ar fáil do dhaoine óga. Is í sin an phríomhaidhm atá ag an Rialtas agus cúrsaí caiteachas poiblí á láimhseáil againn. Táimid ag iarraidh postanna a chruthú agus jabanna a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.