Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Foras na Gaeilge

3:05 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim ón bhfreagra sin nach mbeidh breis postanna ann in aon chor, ach fanfaimid go mbeidh níos mó eolas ag an Aire. An féidir leis an Aire a rá an bhfuil sé ag caint anois faoi postanna lán-aimseartha nó postanna páirt-aimseartha? Ní bheidh ach sé eagraíocht i gceist sa gcóras nua a bheidh againn i mí Iúil 2014. Cén sórt postanna a bheidh i gceist?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.