Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Foras na Gaeilge

3:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis na heagraíochtaí úra, tugann muid eagraíochtaí ceannais orthu. Tá daoine i na heagraíochtaí deonacha i láthair na huaire agus is dóigh go mbeidh cuid acu sin sna heagraíochtaí ceannais agus b'fhéidir freisin go mbeidh daoine úra ag teacht isteach. Tá an próiseas sin go léir faoi cheannas agus mar fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge. Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta gur céim ar aghaidh í seo, ón chéad uair a socraíodh go ndéanfaí an comhtháthú seo i 2008. Bhí cainteanna agus cur agus cúiteamh ag dul ar aghaidh ó 2008 agus sílim gur céim ar aghaidh mhór í gur aontaigh mé féin agus an tAire ó Thuaidh, Carál Ní Chuilín, agus an tAire Deenihan, go rachfadh muid ar aghaidh leis an comhtháthú seo. Tá an fhreagracht anois ar an fhoras, na bun phrionsabail nó na bun chuspóirí a chur i gcrích. Caithfidh muid fanacht go bhfeicfidh muid cad a thiocfaidh amach as sin idir seo agus mí Mheitheamh 2014.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.