Dáil debates
Wednesday, 18 September 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Foras na Gaeilge
3:05 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar atá luaite agam, ag an pointe seo tá 57 duine fostaithe go buan ag Foras na Gaeilge agus tá cúigear eile ar chonradh. Sin 62 san iomlán. Tá Foras na Gaeilge anois i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo, 19 ar fad, agus nuair a bheidh na socruithe go léir déanta, beidh muid ag súil go mbeidh sé eagraíocht ceannais ann ar fad. Ag an pointe seo, tá sé an-deacair a rá cé mhéad duine a bheidh fostaithe nuiar a bheidh na socruithe go léir déanta. Beidh Foras na Gaeilge i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus b'fhéidir go mbeidh comhoibriú idir cuid de na heagraíochtaí agus go bhfuil daoine sna heagraíochtaí a bheidh ag obair leis an eagras ceannais. Ag an pointe seo, ní féidir a rá cé mhéad duine a bheidh ag obair agus an mbeidh breis nó níos lú postanna ann.
No comments