Dáil debates
Wednesday, 18 September 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
2:40 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Níor dúirt mé nár roghnaíodh éinne. D'iarr mé ar an Aire Stáit mar gheall ar an teachtaireacht atá á thabhairt aige don 61 duine eile a rinne iarratais ar ballraíocht. An bhfuil sé ag rá nach bhfuil siad maith go leor? Roghnaigh sé triúr nach raibh sé de spéis acu a gcuid iarratais féin a dhéanamh. Ní raibh an páirtí as ar tháinig siad glic a dhóthain chun a hainmneacha a chur chun cinn. Measaim gur masla atá ann dóibh siúd a bhí ar an liosta poiblí, nó fiú dóibh siúd a rinne an Roinn ainmniúcháin orthu, nach raibh sé de mhisneach ag an Aire Stáit iad a roghnú agus na cáillíochtaí cuí acu.
No comments