Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar atá ráite ag an Teachta, léirigh 68 duine suim spéis a bheith ina mbaill de Údarás na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, níl mé ag caitheamh anuas ar éinne acu sin. Ní raibh sé de cheart agam ach seachtar a chur isteach. Sílim go rinne mé an rogha cheart. Is cuma caidé an rogha a dhéanfainn - dá gcuirfinn isteach seachtar ón liosta, bheadh 61 fágtha ar leataobh. Bhí mé ag feidhmiú taobh istigh d'fhórálacha an Achta. D'fhoilsigh muid fógra poiblí ag iarraidh ar dhaoine cur isteach ar na folúntais seo. Is dócha go bhfuil daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta anois nach mbeadh air go choíche faoin seanchóras. Tá mé thar a bheith sásta leis an rogha atá déanta. Chomh fada agus a fheicim le bliain anuas, tá baill an bhoird úr ag gníomhú go héifeachtach agus go foirfe ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge chun na freagrachtaí úra atá orthu faoi Acht na Gaeltachta 2012 a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.