Dáil debates
Wednesday, 18 September 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
2:40 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Ní gá a rá nach n-aontaím leis an Teachta ar chor ar bith. Sílim go raibh an córas ceapacháin a bhí againn trédhearcach, soiléir agus os cionn boird. Mar a luadh san Acht, cheap na comhairleoirí chontae os na ceantair Gaeltachta cúigear baill agus cheap mé an seachtar baill eile, ina measc ceathrar dóibh siúd a léirigh suim agus spéis sna folúntais seo nuair a fógraíodh iad go poiblí. Sílim gur chéim ar aghaidh mhór a bhí ann. Léiríodh go bhféadfaí daoine a cheapadh lasmuigh den phróiseas sin. Is é sin an fáth go raibh sé de cheart agam triúr a cheapadh mar a rinne mé. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil bord thar a bheith éifeachtach ag Údarás na Gaeltachta anois. Tá an bord ag gníomhú faoi chathaoirleach úr a chuir mé isteach. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil bean mar chathaoirleach ar an údarás don chéad uair. Tá na cáillíochtaí aici. Tá an bord ag feidhmiú go héifeachtach. Tá mé an-shásta leis an gcóras úr.
No comments