Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:40 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is trua liom an freagra atá tugtha ag an Aire Stáit. Measaim gur léir ón fhadhb atá tagtha chun cinn anois go raibh an ceart againn nuair a chuir muid i gcoinne an phróisis seo. Nuair a bhí Bille na Gaeltachta á phlé againn anseo, dúirt muid nár cheart fáil réidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, ach achtaíodh an Bille sin. Is ait an rud é go raibh ar an Aire Stáit dul lasmuigh den dá liosta - an liosta dóibh siúd a léirigh spéis i bheith mar bhaill den údarás agus an liosta a chuir an Roinn le chéile. Glacaim leis gur fhoilsigh na hoifigigh liosta de 34 duine a bheadh ar fáil, tar éis dóibh treabhadh tríd na n-ainmneacha éagsúla. Níor roghnaigh an tAire Stáit aon duine ar bith ón liosta de 34 duine a bhí ainmnithe ag oifigigh a Roinn fhéin. Os rud é gur roghnaigh sé triúr nach raibh ar ceachtar liosta, tá an cumadh ar an scéal go bhfuil an seanchleachtas ag tarlú arís. Dúradh linn nach dtarlódh arís an cronyism a bhain thar na blianta leis an Rialtas deireanach agus Rialtaisí roimhe sin. Ba chóir go mbeadh an córas seo go huile is go hiomlán trédhearcach. Nuair a shocraigh an tAire ar daoine a roghnú nach raibh spéis ar bith acu san ábhar seo, cén sórt scéal nó teachtaireacht a sheol sé chucu siúd a bhí ar an dá liosta tar éis dóibh ballraíocht a lorg?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.