Dáil debates

Wednesday, 18 September 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

2:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

I bhfógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapachán chuig bord Údarás na Gaeltachta ach na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí a bheith acu. Tugadh le fios san fhógra go bhféadfaí daoine a cheapadh taobh amuigh den phróiseas sin. Fuarthas 68 ráiteas spéise de bharr an fhógra, chomh maith le dhá cheann eile a tháinig chuig mo Roinnse ó fhoinsí eile. Anuas air sin, chuir oifigigh mo Roinne liosta i dtoll a chéile de 34 dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh chuig bord an údaráis. Tar éis dom na cúinsí uile a mheas, roghnaigh mé triúr comhalta do bhord Údarás na Gaeltachta nach raibh tar éis iarratas a dhéanamh trí léiriú spéise chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó nach raibh ar an liosta a d’ullmhaigh oifigigh mo Roinne.

Tuairiscíodh ar "Nuacht TG4" ar 28 Meitheamh 2013 go raibh an liosta a d'ullmhaigh oifigigh de chuid mo Roinne i measc thaifid bhreise a aimsíodh le linn phróiseas achomhairc a rinneadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003. Is tuairisc mhíchruinn a bhí sa tuairisc áirithe sin. Bhí sé curtha in iúl do "Nuacht TG4" ar 7 Eanáir 2013, sa chéad fhreagra ó mo Roinn ar iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, go raibh liosta curtha le chéile ag foireann mo Roinne de dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Rinneadh an t-eolas sin a athdheimhniú arís i bhfreagra mo Roinne ar achomharc "Nuacht TG4" ar 6 Feabhra 2013. Ba é an cinneadh a rinne oifigigh mo Roinne i dtaca leis an iarratas agus an achomharc ó "Nuacht TG4" - i gcomhréir le forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise - gan an liosta seo a scaoileadh mar gheall ar an eolas pearsanta a bhí ann. Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag an gCoimisinéir Faisnéise cinneadh críochnúil a fhoilsiú ar an ábhar seo ar ball.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.