Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cén uair a bhí ionchur ag gnáth-Bhaill Thithe an Oireachtais i rud ar bith a rinne Rannóg an Aistriúcháin? Nílim ag labhairt faoi na daoine atá ar an gcoimisiún féin, táim mé ag labhairt faoin gcuid eile. Seafóid atá ann.

Ní raibh a fhios ag éinne, ní raibh a fhios agam féin fiú nuair a bhí mé mar Aire, nuair a thionscain mé athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil. An raibh a fhios ag éinne sa Teach seo?

Dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin páirt a ghlacadh i gcur chuige comhtháite a raibh na páirtithe leasmhara ar fad páirteach ann.

An t-údar atá leis an leasú ná nach mbeidh an tsolúbthacht ag an rannóg dhá mhéar a thaispeáint do na daoine ar fad ar cheart ionchur a bheith acu sa Chaighdeán Oifigiúil agus neamhaird a thabhairt ar an dream atá freagrach as an gCoiste Téarmaíochta agus as an bhfoclóireacht. Tá an tAire Stáit a rá gur féidir le Rannóg an Aistriúcháin neamhaird a thabhairt orthu.

Níor cheart go mbeadh an tsolúbthacht sin ag Rannóg an Aistriúcháin. Ba cheart do Bhaill an Oireachtas a rá inniu nach mbeidh de rogha ag Rannóg an Aistriúcháin ach coiste a bhunú. Tá an chumhacht ann anois, ní bheadh gá di dul i gcomhairle linn ach mura nglacann an tAire Stáit leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.