Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl agus ní raibh aon ionchur ag mo pháirtí go dtí seo i gCoimisiún Thithe an Oireachtais toisc an tslí go bhfuil sé bunaithe i rialacha an Tí. Ní amháin sin, ach mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, níl ionchur ag gnáth-Bhaill an Tí ar ghnó Choimisiún Thithe an Oireachtas. Níl sé de chead acu siúd atá ar an gcoimisiún craobhscaoileadh imeachtaí na gcruinnithe ag an gcoimisiún. Níor thug an tAire Stáit freagra cuí.

Ó thaobh solúbthachta de, an fáth go bhfuilimid sa tsáinn ina bhfuilimid faoi láthair maidir le riaráistí Achtanna atá i mBéarla amháin ná cionn is go bhfuil solúbthacht ann. Sin an fáth go raibh mise ag iarraidh spriocdháta a leagan síos agus go bhfuil mé ag tacú leis an Teachta Ó Cuív anseo, mar go mbeidh sé daingnithe. Tuigim go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit a rá le Coimisiún Thithe an Oireachtais an coiste seo a chur ar bun ach seans go dtiocfaidh Airí eile ar nós na n-Airí a bhí ann roimh seo nach raibh chomh báúil don Ghaeilge, nó nár thug tosaíocht don teanga. Is féidir le hAire mar sin é seo a fhágáil ar leataobh.

Níl solúbthacht ag teastáil uainn sa chás seo, táimid ag iarraidh go mbeadh sé dearfach go mbeadh coiste ann chun deileáil leis an gceist seo. Is ar mhaithe an Aire Stáit agus ar son leas Rannóg an Aistriúcháin go mbeadh seo daingean agus an obair athbhreithnithe a bhaineann leis an choiste seo ar siúl de shíor nach mbeadh daoine a tharraingt le chéile trí dheifir ag deireadh sé bliana ionas go mbeidís in ann athbreithniú a dhéanamh chun rial a leag an tAire Stáit síos a chomhlíonadh.

Is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo, is rud simplí é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.