Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim cinnte go dtuigeann na Teachtaí go bhfuilimid ag deileáil anseo le freagracht a bheidh ar Choimisiún Thithe an Oireachtais agus go mbeidh ionchur ag gach duine anseo isteach sa choimisiún sin ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Tá dhá fhocal a thagann chun cuimhne – solúbthacht agus discréid. Nílimid ag iarraidh ceangal na gcúig gcaol a chur ar aon dream nó ar an choimisiún. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh an tsolúbthacht sin ann agus go bhfágfaí faoin choimisiún na saineolaithe a thabhairt isteach fá choinne dul i gcomhairle leo agus táim cinnte go mbeidh ionchur ag daoine ó gach taobh Tí, ní amháin ó thaobh an Rialtas ach ó thaobh an Fhreasúra agus na bpáirtithe eile maidir le haon chinneadh a dhéanfaidh an coimisiún. Tá solúbthacht agus discréid le cur san áireamh mar tá ionchur ag Baill Oireachtais ar na cinntí a dhéanfar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.