Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Tá an leasú seo réasúnta, ach go háirithe toisc gur diúltaíodh don leasú deireanach lena rabhamar ag plé.

Sa chás seo caithfimid bheith cinnte de go mbeidh coiste ar bun a bheidh ag deileáil leis na ceisteanna seo ar bhonn leanúnach. Má tharlaíonn sin, más dual don choimisiún an chuid seo den reachtaíocht a chomhlíonadh agus coiste a bhunú, bunóimid coiste cosúil leis an eiseamláir a luaigh mé sa Fhrainc agus beidh Acadamh na Gaeilge againn. Bheadh an coiste sin ag deileáil le ceisteanna teanga de shíor. Ansin, b’fhéidir nach mbeadh ualach chomh mor sin i gceist le hathbhreithniú gach seacht mbliana mar atá ann sa Bhille faoi láthair. Bheadh an caighdeán athbhreithnithe tríd an gcoiste seo. Bheadh coiste ag deileáil leis an chaighdeán agus nuair a thiocfadh an spriocdháta gach seacht mbliain, bheadh an coiste in ann a rá go mbeadh an obair déanta aige thar an seacht mbliain agus ní bheadh gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh mar is iad na daoine ar an choiste na daoine is eolaí san ábhar seo. Fiú le linn tréimhse roimh an seacht mbliain, bheadh an coiste in ann dul i gcomhairle leis an ngnáthphobal ach bheadh na saineolaithe ar fad ina suí thart ar an mbord cheana féin agus taithí acu ar an ról a bheadh acu agus bheidís in ann athbhreithniú a dhéanamh réasúnta tapaidh gan chur as an ghnáth-obair a bhíonn ann do Rannóg an Aistriúcháin.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív ar an leasú seo. De ghnáth nuair a impíonn an Freasúra ar Aire glacadh lena leithéid mar dhualgas trí “déanfaidh” a úsáid seachas mar rogha trí “féadfaidh” a úsáid, luaitear go mbeidh costas i gceist. Níl aon chostas i gceist anseo mar nílimid ag leagan síos aon táillí do na daoine ar an choiste nó ag cur srian ar an choiste. Nílimid chun a dhath difriúil a dhéanamh ach amháin go mbeimis cinnte de go mbeadh coiste ann ó thús deiridh.

Ní fheicim conas is féidir leis an Aire Stáit é seo a dhiúltú toisc go bhfuilimid ag iarraidh cuidiú leis sa leasú seo anuas ar an méid atá sé tar éis glacadh leis cheana féin ó thaobh seacht mbliain don athbhreithniú de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.