Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I move amendment No. 15:

In page 10, line 8, to delete "may" and substitute "shall".
I leasú Uimh. 15 táimse ag moladh ná in ionad an fhocail “Féadfaidh”, bheadh an focal “Déanfaidh” ann. Go bunúsach chiallódh “déanfaidh” ná nuair a bheadh athbreithniú ann, go gcaithfeadh coiste a bheith ann le dul i gcomhairle leis. Beidh mé ag moladh freisin i leasú Uimh. 17 go mbeidh grúpaí faoi leith ar an gcoiste sin le cinntiú go bhfuil dul i gcomhairle leathan agus ceart i gceist ann le hathbhreithniú á dhéanamh ar an gcaighdeán.


Mar atá á mholadh ag an Aire Stáit, beidh dul i gcomhairle leis an bpobal ann, agus beidh air scríobh chuig Airí eile, ach níl aon ghá do Rannóg an Aistriúcháin suí síos le haon dream agus coiste a bhunú ar a mbeadh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, ó na meáin chumarsáide, ó COGG, má tá sé ann go fóill mar táim le toil a chur go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialtas iontach seo deireadh a chur leis an nGaeilge in Éirinn chomh sciobtha agus is féidir leis. Táim ag moladh go mbeidh ceangal ar Rannóg an Aistriúcháin agus ar Thithe an Oireachtais agus iad ag déanamh athbreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil coiste comhairleach a bhunú agus comhairle a ghlacadh ón gcoiste sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.