Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
1:10 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar a d'admhaigh na Teachtaí, i gcomhthéacs na seacht mbliana, níl aon dea-chleachtas i dtír ar bith. Sílimid gur rud réasúnta agus seasmhach é athbhreithniú a dhéanamh gach seacht mbliana. Ní fheicim go mbeidh an oiread sin athruithe, ach b'fhéidir go mbeidh. Ní hionann athbhreithniú agus go mbeidh caighdeán úr ag teacht amach gach seacht mbliana. Coinneoimid súil ar rudaí. Ní shílim gur chóir go mbeadh orainn fanacht beagnach 60 bliain, mar a tharla idir an caighdeán a tháinig amach sa bhliain 1958 agus an caighdéan a tháinig amach anuraidh. Beidh deis ag Rannóg an Aistriúcháin comhairle a fháil taobh amuigh. Beimid ag deileáil leis an gceist sin nuair a bheidh leasuithe eile á bplé againn. Mar a dúirt mé faoin tréimhse seacht mbliana, sílim gur am réasúnta atá i gceist. Níl cleachtas ar bith ag tír ar bith. Már a dúirt na Teachtaí, tá a nós féin ag achan tír. Sílim go bhfuil sé sin réasúnta. Mar a dúirt mé, coinneoimid súil leanúnach ar cad atá ag tarlú - an brú atá ar an teanga agus mar sin de. Mar sin, seasaim leis an méid atá sa Bhille i dtaobh seacht mbliana. Is é sin an fáth nach bhfuil fonn orm glacadh leis an leasú.
No comments