Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar a léiríomar ar Chéim an Choiste, is é seo an príomhfhadhb atá againn leis an mBille. D'iarr mé ar an Aire Stáit samplaí den dea-chleachtas i dtíortha eile ar a bhfuil sé seo bunaithe a thabhairt dom. Tá sé tar éis a admháil nach bhfuil a leithéid ann. Ar Chéim an Choiste, níor tugadh sonraí dúinn i dtaobh treoir na dteangeolaithe a léiríonn go bhfuil sé go maith do teanga go ndéanfaí athbhreithniú bunúsach, seachas an sracfhéachaint atá luaite ag an Aire Stáit, ar rialacha gramadaí chuile seacht mbliana. Go bhfios dom, níl aon treoir den tsórt sin ag an Aire Stáit.


Tá bealaí timpeall ar seo, mar a luaigh mé. Tá brón orm má tá mé ag caint faoin bhFraincis i gcónaí. Is teanga difriúl í an Fraincis ar go leor slite. Tá na húdaráis sa Fhrainc, níos mó ná formhór tíortha eile na hEorpa, ag déanamh tréan-iarracht a dteanga a chosaint i gcoinne an Béarlachas. Mar Gaeilgeoirí, táimid ag iarraidh ár dteanga a chosaint sa chaoi céanna. Is fadhb mór é sin dúinn atá ag labhairt na Gaeilge go fóill agus dóibh siúd a labhróidh an teanga amach anseo. Ba cheart go mbeadh bunchoincheapa agus bungramadach na Gaeilge soiléir. Níl gramadach maith agam in aon teanga. Ní duine mór rialacha gramadaí mé. Déanaim iarracht an Ghaeilge a labhairt mar a fhoghlaim mé í, nó mar a thagann sí chugam.


Dá mbeadh an tAire ag teacht isteach anseo le reachtaíocht ag moladh go mbunófar académie na Gaeilge, b'fhéidir gur smaoineamh maith a bheadh ann staidéar a dhéanamh ar na rialacha atá ag an Académie française, a leanas: "the primary function of the Académie will be to work, with all possible care and diligence, to give our language definite rules to make it pure, eloquent and capable of dealing with arts and science". Is é sin an bunphrionsabal atá ag an académie. Níl sé leagtha síos sa Fhrainc go bhfuil ar an académie é sin a dhéanamh gach seacht mbliana. Déanann siad é de réir mar is gá. Ba chóir go mbeadh an córas mar sin. I gcás na Gaeilge, tá Rannóg an Aistriúcháin, atá faoi réir Choimisiún Thithe an Oireachtais, i gceannas an teanga reachtúil nó an Caighdeán Oifigiúil. Molaim go ndéanfar athbhreithniú tar éis 20 bliain.


Nuair atá athbhreithniú ar siúl, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, ba cheart suí síos leis na teangeolaithe is fearr agus na daoine a dhéanann cleachtadh maidir le reachtaíocht - Rannóg an Aistriúcháin, dream ó na cúirteanna, srl - chun na fadhbanna agus na constaicí a bhaineann leis an nGaeilge sa lá atá inniu ann a phlé. Is fiú roinnt de na ceisteanna sin a lua. Cén fáth an bhfuil sé deacair do dhaoine teacht timpeall ar rialacha gramadaí? An chóir dúinn é a athrú? An chóir go mbeadh sé foirfe? Nuair atá athbhreithniú ar siúl, déantar scrúdú den tsórt sin ar gach gné de ghramadach na Gaeilge. Sa chás seo, bheadh sé i gceist dul tríd an leabhar ó bun go barr agus, má tá fadhb ann, féachaint an bhfuil bealaí le leigheas a chur ar an scéal. Go minic, ní leigheas atá i gceist seachas stádas oifigiúil a thabhairt do rudaí atá anois mar pháirt de ghnáthchleachtas na teangan. Tarlaíonn mionathruithe canúinte i gceantracha difriúla de réir mar a théann an saol ar aghaidh.


Ní rudaí ársa, a chuirtear isteach i músaem ionas gur féidir le daoine a rá go bhfuil siad go hiontach, iad an cultúr agus an teanga. Aithním go dtarlaíonnn athruithe ar an teanga mar rud beo beathach. Is é sin an fáth nach bhfuil mé ag rá nár chóir go mbeadh athbhreithniú ar an gcaighdeán riamh. Ba chóir go mbeimid in ann é sin a dhéanamh go rialta. Is dóigh liom agus leis an Teachta Ó Cuív go bhfuil cúpla bealach ar féidir é seo a dhéanamh. Is féidir leis an Aire Stáit mo leasú, nó an leasú atá curtha síos ag an Teachta Ó Cuív, a ghlacadh. B'fhearr liom dá mbeadh 20 bliain ar a laghad idir athbhreithniú amháin agus an chéad cheann eile. B'fhéidir gur cheart dúinn a rá go bhfuil sé seo de réir ordú an Aire, cé nach dtaitníonn an cur chuige sin liom de ghnáth. Más léir do Aire an lae go bhfuil fadhb éigin ann, tar éis do Rannóg an Aistriúcháin a rá go bhfuil iomarca deacrachtaí ag teacht chun solais maidir leis an gCaighdeán Oifigiúl, is féidir leis an Aire cinneadh a dhéanamh gur cheart athbhreithniú nua a dhéanamh ag an bpointe sin.

Don chuid is mó ní bheadh aon Aire ag gabháil d'athbhreithniú ach amháin má tá fadhbanna ann. Sa chás seo, tá an tAire Stáit ag cur ar aon Aire amach anseo agus ar Thithe an Oireachtais an t-airgead agus na hacmhainní atá curtha ar leataobh chun reachtaíocht a aistriú go Gaeilge ar fad a chaitheamh ag deileáil le hathbhreithniú. Níl sracfhéachaint ar an teanga i gceist anseo. Athbreithniú cuibheasach teicniúil atá ann nuair a labhraímid faoin Chaighdeán Oifigiúil. Nílimid ag labhairt faoi shracfhéachaint ar alt as Gaeilge sa nuachtán le botún anseo is ansiúd. Táimid ag féachaint ní hamháin ar an nGaeilge ach ar chleachtas agus rialacha gramadaí i dtíortha eile, conas atá na teangacha eile mórthimpeall orainn ag athrú chomh maith agus an gá dúinn athrú dá réir. Sin an sórt rud atá i gceist in athbhreithniú agus is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta éisteacht a thabhairt don leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.