Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá caighdeán na Gaeilge ag dul i bhfad siar. Bhí Gaeilge caighdeánach ann ó thuaisceart na hAlban go deisceart na hÉireann suas go dtí Cath Chionn tSáile sa séú aois déag. Mar sin, bhí muid ar aghaidh go mór mar Ghaeil ó thaobh cúrsaí caighdeáin de. Tá sé spéisiúil nach bhfuil mórán eolas ar na canúintí a bhí ann ag an am sin mar bhí an scríobhneoireacht ar fad deánta de réir caighdeáin. Ba cheart go dtuigfeadh an tAire Stáit é sin. Mar is eol dó, bhí na rialacha leagtha síos ag na daoine a bhí an dualgas sin orthu. Maidir leis an gcaighdeán nua, cén fáth an bhfuil "féadfaidh" seachas "déanfaidh" sa bhforáil maidir le coiste a bhunú? Beidh an doras oscailte don rannóg breathnú ar an gcaighdeán, uisce coisricthe a chaitheamh air agus a rá go bhfuil sé thar cinn. Nuair atá an t-athbhreithniú déanta sa chaoi sin, ní bheidh ar an rannóg dul i gcomhairle le éinne nó aon choiste a bhunú - beidh athbhreithniú déanta ar an gcaighdeán. I ndáiríre, ní dhéanfaidh sé aon difríocht an seacht mbliana, trí bliana nó 20 bliain a bheidh i gceist, mar go mbeidh sé go hiomlán faoi Rannóg an Aistriúcháin a rá an ndéanfaidh siad fíor-athbhreithniú ar an gcaighdeán trí choiste a bhunú, dul i gcomhairle leis an bpobal agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcóras iomlán a chur i bhfeidhm. Dá mbeadh sé i gceist ag an Aire Stáit fíor-athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán ar an mbealach ceart atá leagtha amach - trí coiste a bhunú agus trí dul i gcomhairle le gach céim den phróiseas - chuirfinn comhairle air gan é a dhéanamh gach seacht mbliana mar bheadh an t-uafás oibre ag baint leis. Bheadh sé ag baint foirne ón mbunobair atá ar bun ag Rannóg an Aistriúcháin; sé sin, aistriúcháin a dhéanamh. Is cuid den cur i gcéill é seo - tá an tAire Stáit sásta ligean leis go mbeidh athbhreithniú ar bun, ach i ndáiríre tá sé ag baint struchtúr ar bith don athbhreithniú tríd an focal "féadfaidh" a choinneáil sa reachtaíocht seachas an focal "déanfaidh". Is seafóid an rud atá ar bun aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.