Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fós, níl freagra againn cad as a tháinig an tréimhse seacht mbliana. Dar ndóigh, is cóir go mbeadh súil leanúnach ar an teanga agus an treo atá sí ag dul. Sin an fáth go ndeirim gur ceart go mbeadh sé mar aidhm ag an coimisiún soiléiriú a dhéanamh ó am go ham. Tá sin ag tarlú cheana féin. Tá an coiste téarmaíochta ann agus tá ranna éagsúla sna hollscoileanna ag coinneáil súile ar an teanga an t-am ar fad. D'aithneodh siadsan dá mbeadh fadhb ann.

Is próiseas foirmiúil atá i gceist le athbhreithniú. Bheadh ar an rannóg córas a leanúint. Bheadh orthu sui sios agus bheadh orthu an coiste a luaitear sa Bhille níos deireannaí a chur sa tsiúl agus bheadh orthu an obair a leagaint amach go foirmiúil. I mo thuairim, ba chur amú ama é sin a dhéanamh chuile seacht mbliana. Ní teangeolaí mé agus níl an t-eolas agam i dtaobh teangacha eile timpeall an domhain. Tá beagán eolais agam i dtaobh an Ghearmáinis. Réitigh na Gearmánaigh foclóir i 1901, ach níor tharla an céad ceann eile go dtí thart ar 1926 agus ansan thart ar 1990, mar aithníonn siad nach cóir a bheith ag déanamh athruithe de shíor.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an Ghaeilge casta. Tá gach teanga casta agus tá rialacha difriúla gramadaí acu. San Fhionnlainn, mar shampla, tarraingíonn siad canúintí difriúla le chéile. In ainneoin gur teanga casta atá acu, ní dhéanann siad athbhreithniú gach seacht mbliana. Coinníonn siad súil ar an teanga de shíor agus tógann siad cleachtas i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.