Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar Chéim an Choiste den Bhille, seachtain ó shin, pléadh an cheist maidir le chomh minic ar ceart athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán Oifigiúil agus bhí Teachtaí ag moladh go mbeadh tréimhse níos faide ná an tréimhse seacht mbliana atá leagtha síos in alt 3 den Bhille seo i gceist. Cé go n-aithním na pointí atá déanta ag na Teachtaí ar an cheist seo, ní mór do Teachtaí a nótáil nach ionann athbhreithniú a bheith déanta agus Caighdeán Oifigiúil úr a fhoilsiú.

Mar chuid d'athbhreithniú ar an chaighdeán, bheadh sé indéanta a dheimhniú nach bhuil aon uasdhátú le déanamh ar an gcáipéis. Tuigtear dom nach bhfuil mórán difríochta idir An Caighdeán Oifigiúil a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin Nollaig 2012 agus an cháipéis a chuir an coiste stiúrtha faoi chúram na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le chéile. Dá bhrí sin, is dóigh liom nach mbeidh mórán le leasú nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ann i 2015. Shamhlóinn chomh maith go mbeidh níos lú arís ann tar éis an chéad athbhreithniú eile, seacht mbliana níos faide síos an bóthar agus nach mbeidh ar Rannóg an Aistriúcháin dá bharr ach deimhniú a chur ar fáil go seasann An Caighdeán Oifigiúil ar an mharthain.

Fiú dá mbeadh cor leasú anseo agus ansiúd le déanamh ag eascair as athbhreithniú, d'fhéadfaí iad a fhoilsiú nuair a rithfeadh an foilseachán reatha as cló, cur chuige thar a bheith coitianta nuair a bhíonn athfhoilsiú á dhéanamh ar leabhair. Tuigtear dom nach bhfuil aon deachleachtas idirnáisiúnta amháin maidir le tréimhse idir athbhreithnithe. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú ar an gcaighdeán go tréimhsiúil. Cé go bhfuil macnamh déanta agam ar na leasuithe atá molta ag na Teachtaí, táim den tuairim go bhfuil tréimhse seacht mbliana réasúnta go leor.

Is dóigh gur é an rud atá i gceist againn le athbhreithniú ná súil leanúnach a choinneáil ar caidé mar atá rudaí ag athrú. Is dóigh go bhfuil sé cosúil leis L'Académie Française agus go bhfuil siadsan ag coinneáil súil leanúnach ar an gcaighdeán. Ar ndóigh, ní hionann an Ghaeilge agus teangacha cosúil leis an Béarla ná an Fhraincís. Tá castacht ag baint leis an Ghaeilge nach bhfuil ag baint leis na teangacha sin, castacht a théann siar go dtí aimsir na h-athbheochana. Roimh aimsear na h-athbheochana, is beag eolas a bhí ag an gnáth duine ar scríobhneoireacht na Gaeilge. Ar dtús, b'éigean dúinn an cló a athrú, an cló Gaelach go dtí an cló Rómhánach. B'éigean dúinn ansin teacht ar litriú caighdeánach agus an litriú a dhéanamh níos simplí. Tá sin déanta.

Ní fheicim go mbeidh caighdeán úr, nua ag teacht amach gach seacht mblian. Ní fheicim é sin ar chor ar bith. Ach mar sin féin, sílim gur cóir go mbeadh athbhreithniú ar siúl go leanúnach, ag coinneáil súile ar rudaí agus ag féachaint an bhfuil Béarlachas nó teangacha eile ag brú isteach. Ansin, in am cuí, is cóir go gcuirfear na hathruithe, más gá, i bhfeidhm, nuair a bheidh an céad gramadach oifigiúil eile ag teacht amach. Ní gá go dtiocfaidh sé amach gach seacht mbliana, ach is rud maith é go mbeidh daoine sa rannóg le súil a choinneáil ar caidé atá ag tarlú chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga. Tá a fhios againn go léir an brú atá ar an teanga, fiú amháin sna Gaeltachtaí, an dóigh a bhfuil an oiread sin tionchair ag teangacha eile uirthi.

Sílim go bhfuil tréimhse seacht mbliana réasúnta, ach ní gá go mbeadh leabhar úr gramadaí ag teacht amach gach seacht mbliana. Ní fheicim é sin ag tarlú ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.