Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Glacaim le cuid mhaith den mhéid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. Creidim go bhfuil an tréimhse de seacht mbliana ró-ghairid ar fad. Ní túisce go mbeidh caighdeán amháin i bhfeidhm le go mbeifear ag tabhairt faoi chaighdeán nua a réiteach. B'fhéidir go dtógfaidh sé dhá bhliain é seo a dhéanamh. Má tá sé i gceist ag an Aire Stáit glacadh leis an leasú a chuir mé síos, beidh dualgas air próiseas comhairliúcháin a chur ar siúl agus coiste a bhunú, srl. Mar sin, creidim gur cheart go mbeadh an tréimhse seo níos faide. Ní bhéinn ag sárú leis an moladh de 20 bliain atá os comhair an Tí, ach tá tréimhse de deich mbliana molta agam ag súil le go nglactar leis mo leasú, b'fhéidir, agus go dtuigfidh an tAire Stáit go bhfuil an tréimhse de seacht mbliana ró-ghairid le tabhairt faoin gcaighdeán as an nua arís.

Tá súil agam go nglacfaidh sé leis an leasú, mar is leasa stuama é.

Bhí an dara leasú agam agus b'shin, ó tharla dhá chaighdeán a bheith sa treis faoi láthair, ceann amháin a bhfuil an foclóir bunaithe air agus ceann eile ag Tithe an Oireachtais, go mba ceart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán atá ann i láthair na huaire, as seo go ceann bliana agus go dtabharfar an coiste a bhunaíodh le chéile le Rannóg an Aistriúcháin nuair a bheifear ag déanamh athbhreithnithe ar an gcaighdeán - táim ag iarraidh go mbeidh seo mar dualgas sa reachtaíocht - ionas go mbeidh, mar a bhí mar sprioc againn riamh, caighdeán amháin ann. B'fhéidir go n-éisteoidh an tAire Stáit linn agus go ndéarfaidh sé go bhfuil pointe againn sa mhéid atá á rá againn.

Níl fadhb agamsa más é an deich mbliana atá i gceist. Dúirt mé deich mbliana mar shíl mé go m'fhéidir nach dteastódh ón Aire Stáit bogadh ó seacht mbliana go 20 bliain. Ach, má deireann sé anseo go dtiocfaidh sé leis an 20 bliain ach go bhfuil sé tar éis labhairt le Rannóg an Aistriúcháin agus go bhfuil sé ráite ag an rannóg go ndéanfaidh siad an céad athbhreithniú eile ar an gcaighdeán as seo go ceann bliana, bheadh lá maith oibre déanta aige. Níl aon cheist faoi dhréachtú an leasuithe, mar níl le déanamh in aon cheann ach figiúr a athrú. An rud ab fhearr ag an bpointe seo ná go ndéarfá go raibh sé aontaithe le Rannóg an Aistriúcháin, in ionad an athbhreithniú atá i gceist acu a dhéanamh as seo go ceann trí bliana, go ndéanfar é sin as seo go ceann bliana, agus ansin go nglacfadh an tAire Stáit le ceann den dá leasú atá curtha ar aghaidh agam féin agus ag an Teachta Ó Snodaigh agus go mbeadh sé sásta glacadh leis go bhfuil an tréimshe seacht mbliana ró-ghairid agus nach bhfuil aon bhunús, ó thaithí in áit ar bith eile ar domhan, taobh thiar den fhigiúr a roghnaigh an Roinn, de seacht mbliana.

Mar an duine a thionscnaigh ag bord an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaighdeán, is dóigh liom go raibh an céad caighdeán lochtach sa mhéid is nár ghlac sé le cur chuige na gcanúintí éagsúla leis na briathra mar shampla. Sílim go bhfuil an caighdeán a bhí molta ag an gcoiste i bhfad níos foirfe ar an mbealach sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.