Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:40 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 10:

In page 8, line 28, to delete “not less than once every 7 years” and substitute “not more than once every 20 years”.
Tá difríocht idir an méid ama a moltar i leasú a 10, an méid a mholann an Teachta Ó Cuív i leasú a 11 agus an méid atá san mBille. Seacht mbliana atá san mBille


Molaim gur tréimhse ró-ghairid atá san mBille. Dá mbéadh sé de dhualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a dhéanamh a am go ham, níor gá Caighdeán Oifigiúil iomlán a fhoilsiú gach seacht mbliana. Foilsíodh an leagan deireannach i 1958 agus thóg sé tamall maith é a chur le chéile. Níl a fhios agam cé mhéid duine a bhfuil a fhios acu go bhfuil an Caighdeán Oifigiúil nua ar fáil. Bhí mise ag labhairt, le déanaí, le daoine a bhíonn ag gabháil do leabhair a scríobh agus ní raibh siad ar an eolas go raibh caighdeán nua ann. Déanann siad a rud féin ar aon chaoi agus ceartaítear a saothar sula foilsítear é, ach bhéadh sé áisiúil dá mbéadh níos mó eolais curtha amach mar gheall ar an gcaighdeán athbhreithnithe. Tá a fhios agam go bhfuil cóip de ag gach Teachta, gur seoladh é agus go raibh tuairisc air i roinnt des na hirisí agus na nuachtáin Gaeilge. Anuas air sin, níl a fhios agam cé mhéid poiblíocht a fuair an caighdeán, mar obair mhór teangeolaíochta sa tír.


B'ait liom, nuair a fuair mé cóip den Chaighdeán Oifigiúil go ndúirt an príomh aistritheoir, Vivian Uíbh Eachach, go ndéanfar athbhreithniú i gcionn trí bliana a bhéas bunaithe ar thuairimí an phobail. Dúirt an t-Uasal Uíbh Eachach go gcuirfeadh Rannóg an Aistriúcháin fáilte roimh tuairimí ón bpobal faoin Chaighdeán Oifigiúil athbhreithnithe agus go ndéanfar athbhreithniú dá réir. B'fhéidir go mbéadh an príomh aistritheoir ábalta déileáil le ceann des na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív níos luaithe.


Caithfimid a bheith cúramach nuair atáimid a déileáil le Caighdeán Oifigiúil nach bhfuilimid ag déanamh siar athrú air. Tá sé go maith go nglacfadh an caighdeán le téarmaí nua, le foclaíocht nua agus le bealaí nua labhartha de réir mar a théann an doman in aois. Tá athraithe suntasacha tar éis tarlú le 50 bliain ó thaobh an domhain de, agus tá gá go ndéantar an caighdeán a athrú dá réir. Bhéadh sé mar chabhair doibh siud a bhíonn ag déileáil le reachtaíocht i nGaeilge.


Nuair bhí an Bille á phlé againn ar Chéim an Choiste cuireadh an cheist cén fáth gur socraíodh ar thréimhse seacht mbliana don athbhreithniú in ionad cúig bliana, 35 bliain, nó tréimhse de réir threoir an Aire. D'fhiafraigh mé sin den Aire agus de dhaoine eile, ach b'ait leo ar fad gur socraíodh ar an tréimhse sin. D'fhiafraigh mé den Aire cén taighde a rinneadh ag an Roinn faoi dheacrachtaí a chruthodh gá le hathraithe a dhéanamh ar an gcaighdean gach seacht mbliana. D'fhiafraigh mé, chomh maith, arbh eol don Aire tíortha eile a bhfuil réimse seacht mbliana acu idir athbhreithniú ar chaighdeáin oifigiúla a dteangacha náisiúnta nó cén taighde teangeolaíochta a bhfuil seo ag brath air. De ghnáth nuair a cuirtear ceist ar Aire faightear liosta mór fada de eiseamláirí nó de shamplaí a bhfuil an cinneadh bunaithe orthu, ach ní bhfuair mé a leithéid.

Dúirt an tAire:

Tuigtear dom go bhfuil an cur chuige seo bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus gur nós é caighdeáin ghramadaí a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach ar bhonn idirnáisiúnta. Ag an am céanna, aithnítear nach maith an nós é an iomad athruithe ó bhonn a dhéanamh ar chaighdeáin ghramadaí toisc gur gá seasmhacht a bheith ag baint lena leithéid do lucht úsáidte teangacha. Is ar mhaithe le cothromaíocht a bhaint amach a dhéantar foráil leis an mBille d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.
Níor thug an tAire Stáit liosta den "dhea-chleachtas idirnáisiúnta" seo. Níor léirigh sé an "bhonn idirnáisiúnta" atá i gceist. Rinne mé roinnt taighde idir Chéim an Choiste agus an díospóireacht seo. Ní raibh mé in ann teacht ar aon áit ina bhfuil an cleachtas seo leagtha síos ar bhonn chomh rialta agus chomh híseal le seacht mbliana. De ghnáth, bíonn ár dtraidisiúin parlaiminte bunaithe ar an gcleachtas i Westminster. Níl aon "official English standard" ann. Ní dhéanann siad athbhreithniú mar atá déanta anseo le déanaí.


Luaigh mé an Académie françaiseníos luaithe. Tá ról riaracháin acu i dtaobh na Fraincise. Déanann siad cinnte de go bhfuil na caighdeáin gramadaí agus foclóireachta i gceart, go bhfuil an teanga ag athrú de réir an nua-aois agus go bhfuil an Fraincis suas chun dáta. Mar a dúirt mé níos luaithe, déanann an Académie françaiseiarracht an Fraincis a chosaint ón mBéarlachas, atá ag sleamhnú isteach in a lán teangacha timpeall an domhain. Tá sé le tabhairt faoi deara sa Ghaeilge go fóill. Bunaíodh an Académie françaisesa bhliain 1635. Déanann sé "caighdeán oifigiúil" na Fraincise a leagan amach i bhfoirm foclóir. Foilsíodh an chéad eagrán d'fhoclóir an Académiesa bhliain 1694 agus an eagrán is déanaí sa bhliain 1935. Tá sé ag obair ar eagrán nua faoi láthair. Tá dhá imleabhar curtha amach aige go dtí seo - ón litir A go dtí an litir E sa bhliain 1992 agus ón litir E go dtí an litir M sa bhliain 2000. Níl foclóir iomlán an lae inniu aige. Nuair atá sé sin críochnaithe aige, is léir nach mbeidh sé ag eisiúnt foclóir eile seacht mbliana ina dhiadh. Tá breis is 20 bliain caite aige ag teacht chomh fada leis an litir M. Tá fadhb mhór agam leis an cur chuige atá molta sa reachtaíocht seo. D'fhéach mé freisin ar an méid atá á dhéanamh acu sa Ghearmáin. In ainneoin go bhfuil fadhbanna acu i dtaobh caighdeán oifigiúil na Gearmáinise, ní raibh mé in ann teacht ar aon sórt athbhreithniú a tharlaíonn gach seacht mbliana. Tá an rud céanna fíor maidir leis an Iodáilis. Níl a fhios ag muintir na hIodáile cad go díreach is caighdeán oifigiúil ann. Tá níos mó ná caighdeán teangan amháin i roinnt tíortha. Den chuid is mó, is ionann an caighdeán oifigiúil agus an teanga reachtaíochta.


Tá gach éinne anseo tar éis admháil nach bhfuil Rannóg an Aistriúcháin in ann an bundualgas atá aici faoi láthair - reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge - a chomhlíonadh. Anois tá an tAire Stáit ag iarraidh cur ina luí ar an rannóg freagracht eile a ghlacadh anuas ar sin. Tá sé ag caint faoi ionstraimí reachtúla agus a leithéid de reachtaíocht thánaisteach a chur amach ar chonradh ionas go mbeidh said aistrithe lasmuigh. Mar a sheasann cúrsaí anois, níl sé ar chumas Rannóg an Aistriúcháin iad ar fad a aistriú. Cé nach bhfuil an rannóg in ann an bundualgas atá aici a chomhlíonadh, tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeidh sé mar dhualgas aici athbhreithniú a dhéanamh gach seacht mbliana. Tógann sé cuid mhaith ama jab mar sin a dhéanamh i gceart. Má tá sé le déanamh i gceart, ba chóir go mbeadh tréimhse mór comhairliúcháin gafa leis. Ba cheart go mbeadh na heagrais atá luaite i leasú a phléfimid ar ball gafa leis chomh maith. Ní féidir aon athbhreithniú ceart a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil i dtréimhse gairid. Tógfaidh sé breis is bliain, b'fhéidir. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit go gcaillfidh Rannóg an Aistriúcháin bliain iomlán gach seacht mbliana agus an obair seo ar bun aici? De réir na reachtaíochta, beidh sé de dhualgas ar an rannóg déileáil go huile is go hiomlán leis an athbhreithniú. Beidh uirthi díriú isteach ar gach uile ghné de ghramadach na teanga, fiú muna n-athraítear na rialacha sa deireadh thiar thall. B'fhéidir go ndéarfaidh sí tar éis an athbhreithniú go bhfuil sé foirfe. Is dóigh liom go bhfuil seacht mbliana ró-ghairid mar thréimhse.


Níl mé buartha faoi Rannóg an Aistriúcháin. Sa deireadh thiar, is féidir léi breis oifigigh a earcú. Tá mé buartha faoin tionchar a bheidh ag an bhforáil seo ar scoláirí ollscoile, múinteoirí scoile, foilsitheoirí, iriseoirí, abhcóidí dlí, srl. Is cuma sa sioc le ghnáthphobal na Gaeilge faoin gcaighdéan, ar go leor bealaí, mar labhróidh siad an Ghaeilge de réir an chanúint nó an chleachtas atá acu. Is mar sin atá cúrsaí i ngach tír. Maireann an caighdeán oifigiúil taobh le taobh le canúintí, ar nós canúint Thír Chonaill sa tír seo. Caithfear iad a cheangailt le chéile chomh maith agus is féidir. Ní chóir bunathruithe á dhéanamh ar rialacha gramadaí ró-rialta, áfach. Os rud é go gcaithfidh daoine dul i dtaithí leis na rialacha éagsúla, ba cheart go mbeidís chomh seasmhach agus is féidir. Má tharlaíonn athbhreithniú chomh minic agus atá luaite sa reachtaíocht seo, tá dainséar ann nach mbeidh comhsheasmhacht i gceist. Má tá dabht ann, beidh sé deacair an teanga a mhúineadh i gceart. Bíonn an Caighdeán Oifigiúil á múineadh sna scoileanna. Tá seans go ndéanfaidh daoine botúin ina gcuid scrúdaithe, má thosaigh siad ag foghlaim na Gaeilge faoi chaighdeán amháin ach tháinig caighdeán eile i bhfeidhm nuair a bhíodar fós ar scoil. Tosnaítear sa bhunscoil ag ceithre bliana d'aois agus caitear 14 bliana sa chóras oideachais. Dá mbeadh trí chaighdeáin i gceist sa tréimhse sin, bheadh sé an-deacair ar an scoláire agus ar an múinteoir. Má leanaimid ar aghaidh leis an bplean seo, b'fhéidir go mbeidh orainn cúrsa nua Gaeilge a chur ar fáil do ghach mhúinteoir. B'fhéidir gur gá é sin a eagrú pé scéal é. Ní chóir go mbeadh gramadach nua le foghlaim nó le múineadh tar éis gach athbhreithniú.


Measaim go bhfuil moladh praiticiúil á dhéanamh agam sa leasú seo. Ba cheart go sheasfadh an Caighdeán Oifigiúil ar feadh tréimhse de 20 bliain, ar a laghad, sula mbeadh aon athbhreithniú i gceist. D'fhéadfadh an tréimshe úd bheith 30 bliain, nó 40 bliain. Molaim nár cheart athbhreithniú a dhéanamh go dtí go bhfuil 20 bliain imithe. Má éiríonn ceisteanna gramadaí idir an dá linn, ba cheart déileáil leo de réir mar a mhol mé sa leasú roimhe seo. D'fhéadfadh an rannóg soiléiriú de líne nó dhó a eisiúnt ó am go chéile, agus iad go léir a tharraingt le chéile nuair atá athbhreithniú iomlán á dhéanamh tar éis 20 bliain nó níos mó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.