Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:20 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mise in aghaidh an leasú seo. Go dtí seo, is iad na Rannaí Stáit féin a rinne aistriú ar ionstraimí reachtúla. Bhí mé in aghaidh, i bprionsabal, go ndéanfadh rannóg an aistriúcháin é sin, ach iad a bheith in ann an jab a dhéanamh chomh mór agus is féidir. Ach, mar atá mé ag rá an t-am ar fad, is aisteach mar a ghlactar i gcás na Gaeilge le rudaí a bheith maith go leor. Tá teipthe glan ar Thithe an Oireachtais le fada an lá. Rinne mé iarracht, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, déileáil leis an gceist seo ach tá teipthe ar Thithe an Oireachtais a ndualgas bunreachtúil a chomhlíonadh maidir le haistriú Achtanna. Níl mé ag cur milleáin ar éinne faoi leith ach ar Thithe an Oireachtais, mar theip glan orthu. Tá dearcadh ó thaobh na Gaeilge de gur iontach an t-éacht leath jab a dhéanamh. Bhí dualgas ar an Oireachtas cloí leis an mBunreacht agus na hAchtanna a aistriú go Gaeilge. Ní ceart go mbeadh an dara cheist faoi sin. In aon tír eile ar domhain ní ghlacfaí leis go raibh éacht déanta nuair a bhí leath jab déanta. Níl mé ag cur locht ar dhuine ar bith. Tá daoine iontacha ag obair sa Teach seo ach níl an jab á dhéanamh. Ní fhéadfadh an milleán a bheith ar éinne ach orthu siúd atá freagrach as riarú an Tí seo, is í coiste Choimisiún Thithe an Oireachtais í.

An fhadhb a bhaineann le leasú an Teachta Ó Snodaigh ná seo. Sa gcás a ndeir foireann Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil siad ró-ghnóthach le haistriú a dhéanamh nó le súil a chaitheamh ar aistriú atá déanta taobh amuigh, d'fhéadfadh moill a bheith ar aistriú ionstraime reachtúile muna mbeadh sé de chumhacht agus de cheart ag Aire dul ag dream éigin eile agus é a fháil aistrithe. Bhéadh ceangal na gcúig gcaol ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag Coimisiún Thithe an Oireachtais ar ionstraimí reachtúla. Dá mbeadh mise mar Aire níor mhaith liom, agus na riaráistí seo ar fad ag carnú suas, dul sa queue agus gan aon éalú as agam, nó dá dtiocfainn taobh amuigh de Thithe an Oireachtais le hionstraim reachtúil a fháil aistrithe, go gcaithfinn é a chur faoi bháid rannóg aistriúcháin an Tí seo, mar d'fhéadfainn bheith ag fanacht go lá an luain, agus b'fhéidir go mbeadh deifir orm mar Aire. Sa gcás nach bhfuilimid cinnte gur féidir leis an rannóg an jab a dhéanamh fiú leis an bpríomh reachtaíocht, rud nach bhfuilimid mar níl aon plean againn, níor mhaith liomsa folámhas iomlán a thabhairt dó ar na hionstraimí reachtúla.

I bprionsabal, ba mhaith liom bheith leis an Teachta Ó Snodaigh ach, go praiticiúil, gan an plean seo a bheith feicthe againn agus na leasaithe ar fad a mhol mise maidir le praghas agus le scála ama curtha as ord, is é sin go gcaithfear a rá le hAire barúil cén uair a bhéadh an t-aistriúchán déanta agus cén praghas a chosnódh sé, ní fhéadfainn glacadh leis an rud atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh, ainneoin, i bprionsabal, gur smaoineamh maith é. Go praiticiúil, bheifí ag cur brú ar Airí ionstraimí reachtúla a chur ar fáil trí Ghaeilge agus bhéadh na hAirí ag rá gur bhreá leo é a dhéanamh ach go bhfuil siad coinnithe siar ag Rannóg an Aistriúcháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.