Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Aontaím leis ar a lán bealaí. Pacáiste iomlán atá ins na leasaithe atá molta agamsa, ó thaobh acmhainní cuí a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin chun déileáil le riaráisti, le go mbeadh gach rud foilsithe go comhionnanach. Mar sin, ní bhéadh riaráistí ann agus ní bhéadh fadhb ag Airí amach anseo. B'fhéidir gur utopia é sin, ach is féidir le gach tír eile atá dátheangach nó trítheangach é a dhéanamh. Is féidir leis an Aontas Eorpach é a dhéanamh, pé méid teanga atá á úsáid ann. Sin an áit atáimid ag iarraidh a shroichint. Níl sé sroichte againn. Tá fadhbanna móra againn ó thaobh Rannóg an Aistriúcháin de.

Níl mé i gcoinne príobháidiú sa chás seo. De ghnáth, bheinn ag rá nár chóir go gcuirfí aon rud amach ar chonradh ach go mbeadh gach rud lonnaithe i Rannóg an Aistriúcháin. Tá mé sásta, toisc an fhadhb atá ann faoi láthair, go ndéanfaí déileáil leis na riaráistí atá ann faoi láthair lasmuigh de Rannóg an Aistriúcháin. An t-aon rud atá mé ag rá ná go mbeadh an stíl céanna acu.

An fhadhb atá agam anois ná nár glacadh leis na leasaithe a mhol an Teachta Ó Cuív maidir leis an bplean mór agus nach ndéanfar díospóireacht orthu. Rialaíodh as ord iad toisc go mbeadh costas ar an Stát dá mbarr. Ní costas ar an Stát atá i gceist ag na leasaithe ach déanamh cinnte de go mbeadh ár gcearta againn, mar Theachtai agus mar shaoránaigh, go mbeimís in ann cosaint a dhéanamh ar na cearta sin agus go mbeadh sé de cheart ag saoránach dul os comhair cúirte más gá agus go mbeadh reachtaíocht agus aon ionstraim reachtúil ar fáil i nGaeilge. Sin atá i gceist agam. Ní cóir go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin ag aistriú biachlár Thithe an Oireachtais nó a leithéid. Ní sin an ról atá aige, ach bhí roimhe seo. Ní cóir go mbeadh foireann na rannóige ag aistriú fógraí, mar shampla. An príomh jab atá ag Rannóg an Aistriúcháin ná déiléail le reachtaíocht. Sin mar is cóir a bheith. Ní cóir dóibh bheith ag aistriú tuairiscí bliantúla.

Nuair atá ábhar reachtúil i gceist, mura bhfuil sé cruinn foirfe, is féidir go ngearrfar costas ollmhór ar an Stát má theipeann air i gcás dlí toisc nach raibh sé foirfe, mar bhí focal in easnamh nó go raibh ciall dhifriúil ann. Ní mór an stíl cheanainn chéanna a ba chóir a bheith ann tríd síos.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.