Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:10 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá lúcháir orm a rá go n-aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta. Aontaímíd le chéile ar aon chuma faoin obair fhiúntach agus thairbheach atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin le blianta fada.

Ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar an gclár agus aontaímíd lena chéile air sin gan dabht ar bith.

Is cinnte nár éirigh le Rannóg an Aistriúcháin gach rud a dhéanamh agus go raibh deacrachtaí le fóirne agus mar sin de. De thairbhe an Bhille seo tá an fhoireann a bhí ag an lár-ionad aistriúcháin aistrithe agus beidh siad sin mar chuidiú ag Rannóg an Aistriúcháin fá choinne an obair thábhachtach atá idir láimhe aige a thabhairt chun críche.

Maidir leis an leasú fein, is é an sprioc atá leis an Bhille ná comhluathú a dhéanamh ar sheirbhísí aistriúcháin an Stáit. Is é an rud atá á dhéanamh, go bhfuiltear ag tabhairt an dá cheann, Rannóg an Aistriúcháin agus an lár-ionad aistriúcháin, le chéile arís.

Is ag Coimisiún Thithe an Oireachtais amháin atá an fheidhm maidir le hAchtanna a aistriú cheana féin. Cé go bhfuil feidhm maidir le hionstraimí reachtúla á thabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais tríd an mBille seo, tá sé tábhachtach go mbeadh solúbthacht áirithe fágtha ag Airí Rialtais chun a gcuid socraithe féin a dhéanamh nuair is gá. Cabhróidh an tsolúbthacht seo le moill maidir le haistriúcháin a sheachaint. Chun cabhrú leis an bproiséas seo, tuigtear go mbeidh sé i gceist ag Rannóg an Aistriúcháin treoirlínte a eisiúint chuig na Ranna éagsúla ina dtabharfar treoracha maidir le haistriú ionstraimí reachtúla. Clúdóidh na treoirlínte nithe ar nós leagan amach na n-ionstraimí reachtúla, téarmaíocht le húsáid, na foinsí reachtúla agus tacaíochta atá ar fáil, an stíl scríbhneóireachta atá le húsáid agus an leagan críochnaitheach a mbeifí ag súil leis. Tá mé sásta go gcinnteoidh an socrú seo go mbeidh caighdeánú déanta ar ionstraimí reachtúla agus iad á n-aistriú. Mar sin, beidh na treoirlínte ag dul amach chuig na Ranna agus beidh sólúbthacht ann gur féidir leis na Ranna an t-aistriúchán a fháil ach é a bheith bunaithe ar na treoirlínte a bhéas ag dul amach ó Choimisiún Thithe an Oireachtais, nó Rannóg an Aistriúcháin.

Tá mé sásta go gcomhlíonann sé sin an dualgas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.