Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 7:

In page 8, between lines 21 and 22, to insert the following:

“(2E) Any such translations carried out by a person other than the Commission shall be referred to the Commission for consideration and approval. Such translations shall not be published until such time as the Commission has granted their approval of the translation.

(2F) Without prejudice to subsection (2D), the Government shall endeavour to consolidate the process of translating primary and secondary legislation and all relevant documentation in the Commission, and endeavour that all staff within departments responsible for the translation of legislation shall where possible be reassigned to the Commission.”.
Baineann an cheist seo le déanamh cinnte de na rudaí seo amach anseo. Tá riaráistí ag Rannóg an Aistriúcháin, nó ag Tithe an Oireachtais. Tá an locht orainne, mar is muide atá i gceannas ar reachtaíocht, nach bhfuil Achtanna agus ionstraimí reachtúla atá rite ag an Teach seo ar fáil as Gaeilge. Sa leasú seo, tá mise ag iarraidh dhá foráileacha breise a chur isteach sa Bhille a thabharfaidh seans don Aire Stáit daoine a fhostú chun déileáil le gnéithe den obair sin.


An príomh rud atá i gceist, agus téann seo leis an plé dearfa a bhí againn, ná go mbeidh caighdeán amháin maidir le reachtaíocht - go mbeidh stíl amháin againn, go mbeidh na téarmaí céanna in úsáid agus nach mbeidh aon éiginnteacht i gceist. Is cóir go mbeadh dream amháin i gceannas. Ní cóir go mbeadh dream aistritheoirí amuigh ansin ar chonradh, ag aistriú reachtaíochta chun déileáil le riaráistí mar go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin faoi bhrú agus go gcaithfear deifir a dhéanamh leis an aistriúchán, gan cinnteacht faoin gcaighdeán a bheith ann. Ba chóir go mbeadh cinnteacht ann, nuair a thiocfadh aon aistriúchán ar reachtaíocht ar ais ó aistritheoirí seachtracha, go mbreathnódh an coimisiun agus Rannóg an Aistriúcháin chuige go gcloínn sé leis an gcaighdeán. Ba chóir go mbeadh an caighdeán is airde ó thaobh an dlí de sroichte acu agus ba chóir go mbeadh an téarmaíocht agus an foclóir cuí in úsáid acu.


Mar a luaitear sa leasú, baineann sé le "próiseas aistriúcháin na reachtaíochta príomha agus tánaistí agus na doiciméadachta iomchuí go léir a chomhdhlúthú sa Choimisiún". Ní cóir go mbeadh breis costas ar an Stát maidir le seo, mar tá foireann againn cheana féin. Is oth liom gur ordaíodh as ord roinnt de na leasuithe a d'ardaigh mé toisc go gcreidtear go bhfuil costais i gceist. Is ag iarraidh costas a shábháil a bhí mé. Bhí mé ag iarraidh deiridh a chur leis an gá obair a chur amach ar chonradh amach anseo. Bhí mé ag iarraidh go bhfoilseofaí gach Bille agus ionstraim go comhuaineach ionas go mbeadh sé éasca teacht ar an aistriúcháin Gaeilge nó Béarla ag deireadh an phrósis.


Is féidir é sin a dhéanamh, mar atá léirithe leis an mBille seo atá againn i nGaeilge agus i mBéarla. Má ritear an Bille inniu, beifear in ann é a fhoilsiú amárach, mar tá sé aistrithe cheana féin. Ba chóir go mbeadh sé mar an gcéanna le gach Bille. Ba chóir go mbeadh mise nó aon Teachta eile in ann ár leasuithe a chur isteach i nGaeilge nó i mBéarla agus ba chóir go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin in ann déileáil leo ar an bhonn sin. Leis an leasú, táim ag iarraidh a dhéanamh cinnte de, má chuirtear an obair seo amach ar chonradh chuig aistritheoirí, toisc go bhfuil riaráistí ann, go ndéanfaí an obair sinn go caighdeánach. Tá riaráistí ann mar nach raibh na hacmhainní cuí ag Rannóg an Aistriúcháin anseo thar na cianta. Níl an locht ar an Rialtas seo, nó fiú ar an Rialtas deiridh. D'éirigh na riaráistí aníos thar na cianta mar níor thug muid faoi seo i gceart. An cúis le sin ná níor tugadh tús áite don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais riamh.


I mo thuairim, tá éacht déanta ag Rannóg an Aistriúcháin thar na blianta leis an méid atá déanta acu. B'fhéidir go mba cóir go mbeadh níos mó déanta acu, ach ní raibh foireann iomlán acu i gcónaí. Go bhfios dom, níl foireann iomlán acu faoi láthair. Tá daoine imithe ar phinsean agus daoine imithe chuig an Eoraip nó tá daoine tinn. Tá súil agam nach dtiocfaidh tuilleadh riaráistí aníos dá bharr sin. Má thagann, tugann an t-alt seo den Bhille cumhacht do Thithe an Oireachtais a dhéanamh cinnte de nach gcuirfí leis na riaráistí agus gur féidir le daoine ar chonradh tabhairt fúthu. Aontaím le sin ach an fhadhb atá agam nach bhfuil foráil sa reachtaíocht go gcaithfí an t-aistriúcháin a ndéanfar lasmuigh de Thithe an Oireachtais teacht ar ais chuig Rannóg an Aistriúcháin chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil sé go huile agus go hiomlán foirfe ó thaobh an chaighdeáin de. Is cóir go mbeadh an stíl céanna ann agus an foclóir agus téarmaíocht céanna in úsáid ann.


Glacaim leis go mbeidh scrúdú de shaghas éigin déanta maidir le aon aistritheoir seachtrach a bheidh ag obair mar seo, chun a dhéanamh cinnte go dtuigeann sé nó sí na rialacha. Fiú nuair a dtuigeann daoine na rialacha, ní chloíonn siad go hiomlán leo agus b'fhéidir go mbeadh ar an rannóg mion athruithe a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-aistriúcháin thar nais. Sin an fáth leis an leasú seo. Táim ag iarraidh a dhéanamh cinnte nach mbeidh dhá stíl i gceist maidir le reachtaíocht amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.