Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Téann seo go croí lár na ceiste maidir leis an reachtaíocht seo. Tá dhá cheist ann. Ceist a haon, cé is ceart an caighdeán a réiteach? Dar liomsa, má táthar ag leasú an dlí ba cheart go dtabharfaí an cumhacht sin don Rialtas. Tá laigí móra san mBille, mar tugann sé ceart do Choimisiún Thithe an Oireachtais leasaithe a dhéanamh ar an gcaighdeán scun scan ar éinne eile sa saol. Féadfaidh an coimisiún dul i gcomhairle ach ní deirtear go gcaithfidh sé dul i gcomhairle. Tá sin mícheart agus ba cheart go mbéadh cumhacht ag an Rialtas ar an gceist seo.

Ceist a dó, an dara laige leis an mBille ná, mar is eol don Aire Stáit, gur bunaíodh an dara aonad aistriúcháin mar go raibh teipthe ar Choimisiún Thithe an Oireachtais coinneáil suas leis an ualach oibre a bhí air maidir le haistriú Achtanna de chuid an Oireachtais. Gan an cheist sin a réiteach, gan aon smacht ag an Rialtas air, agus teipeanna an dualgas sin a chomhlíonadh curtha faoi ndeara do Choimisiún Thithe an Oireachtais, caitheann an Rialtas dualgais breise anonn air. Is laige mhór í sin. Áit ar bith san mBille níl fuascailt na faidhbe maidir leis an teip ghlan ag Coimisiún Thithe an Oireachtais déanamh cinnte go gcomhlíonann sé a ndualgais dlí agus bunreachta maidir le haistriú Achtanna. Anois, tá an Rialtas ag tabhairt breis cúramaí don choimisiún agus níl aon fhreagra ag an Aire Stáit ar an gceist seo a leanas. Muna bhfuil an coimisiún in ann an jab atá aige a dhéanamh cén chaoi a ndéanfaidh sé an obair breise a dhéanamh?

An rud a bhí déanta ag an Rialtas roimhe seo ná déanamh cinnte de, ar a laghad maidir le hionstraim reachtúla, go mbéadh smacht díreach ag an Rialtas ar an bhfreagracht maidir le haistriú na n-ionstram reachtúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.