Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé mar cheann de phríomh aidhmeanna na reachtaíochta, soiléireacht a thabhairt maidir le caighdeán oifigiúil na Gaeilge. Leagann an Bille síos go soiléir gur ar Choimisiún Thithe an Oireachtais a bhéas an fhreagracht an caighdeán oifigiúil a athbhreithniú go tréimhsiúil de réir mar is cuí. Bhí gá leis an tsoiléireacht mar gheall ar chinntí a tógadh sula dtáinig an Rialtas seo i bhfeidhm, cinntí a chiallaigh go raibh dhá rannóg aistriúcháin faoi leith ag plé le haistriúchán reachtaíochta agus le caighdeán oifigiúil na Gaeilge. Ní chabhraíonn easpa soiléireachta leo siúd a bhaineann úsaid rialta as focal scríofa na Gaeilge, ach go háirithe in earnálacha an oideachais, an aistriúcháin agus na cumarsáide.

Le halt 2 den mBille, mar atá sé dréachtaithe, beidh sé soiléir nach bhfuil stádas reachtúil ach ag "An Caighdeán Oifigiúil" a d'fhoilsigh rannóg aistriúchán Choimisiún Thithe an Oireachtais i 2012 agus aon leagan eile a fhoilseoidh an rannóg amach anseo.

Tá obair fhiúntach déanta ag an gcoiste stiúrtha, mar a luaigh mé an lá cheana, a bhunaigh an Rialtas roimhe seo chun moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaighdeán a thabhairt suas chun dáta. Tá na moltaí sin anois curtha faoi bhráid Choimisiún Thithe an Oireachtais le tabhairt san áireamh sa chéad athbhreithniú eile a déanfar laistigh des na trí bliana amach romhainn, mar a luaigh mé an lá cheana chomh maith.

Ar an bhunú sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.