Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Ritheann sé seo le roinnt des na leasaithe a leagadh síos agamsa. Ba chóir go mbéadh an smacht ag Tithe an Oireachtais, ina iomlán, maidir leis an gcaighdeán oifigiúil, ach go háirithe ó thaobh stair na teanga agus cé chomh tábhachtach is ata sí, agus toisc gur teanga í atá in ísle brí in áiteanna. Ba chóir go mbeimís cinnte go bhfuil an Ghaeilge lárnach, ó thaobh an Stáit de, agus go bhfuil an smacht iomlán ag an Stát chun déanamh cinnte go bhfuil an teanga beo beathach agus go bhfuil struchtúir leagtha síos di. Tá teangacha ina déantar sin agus tá teangacha eile nach bhfuil aon stádas oifigiúil acu. Níl caighdeán oifigiúil ag an mBéarla, mar shampla. Féachtar chuig Oxford, Cambridge nó a leithéid ach níl aon caighdeán oifigiúil maidir leis an Stát. Ins an Fhrainc, tá caighdeán oifigiúil leagtha síos ach ins an Iodáil, níl. Tá an oiread sin canúintí agus teangacha éagsúla ins an Iodáil agus tá stair chasta taobh thiar de theacht i réim na hIodáilise san Iodáil. Tarlaíonn an rud céanna i dtíortha eile

Sa tír seo, caithfimid déanamh cinnte de nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga ársa istigh i gcófra áit éigin agus go bhféachaimid uirthi anois is arís, ach gur teanga beo beathach í a ghluaiseann leis na hathraithe ins an tsochaí, ach go háirithe ins an ré atá ann faoi láthair, ré na heolaíochta agus na ríomhairí nuair atá rudaí ag athrú cuíosach tapaidh agus nuair atá a lán tionchar ag cultúir lasmuigh den tír ar an dteanga. Tá sé tábhachtach dá réir go bhfuil an teanga lárnach i dTithe an Oireachtais agus go bhfuil an t-Oireachtas gafa go hiomlán le cosaint na Gaeilge agus le déanamh cinnte de go bhfuil an caighdeán oifigiúil ag dul leis an lá atá inniu ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.